Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt (Éire), arna dhéanamh an 6 Feabhra 2020 – UH v An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Éire agus an tArd-Aighne

(Cás C-64/20)

Teanga an cháis: an Ghaeilge

An chúirt nó an binse a rinneadh an tarchur

An Ard-Chúirt (Éire)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: UH

Cosantóirí: An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Éire agus an tArd-Aighne

Na ceisteanna don Réamhrialú:

An bhfuil an discréid ag cúirt náisiúnta faoiseamh a dhiúltú in ainneoin gur chinn sí gur theip ar an dlí náisiúnta éifeacht a thabhairt do ghné ar leith de Threoir den Aontas Eorpach (“AE”) agus, má tá an discréid sin aici, cad iad na tosca cuí a ba chóir a chur san áireamh i dtaca leis an discréid agus/nó an bhfuil an chúirt náisiúnta i dteideal na tosca céanna, a chuirfeadh sí san áireamh dá mba shárú ar an dlí náisiúnta a bheadh faoi chaibidil aici, a chur san áireamh?

An mbainfí an bonn de phrionsabal na héifeachta dírí i nDlí an Aontais Eorpaigh dá ndiúltódh cúirt náisiúnta faoiseamh a dheonú sa chás seo mar gheall ar theacht i bhfeidhm Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/61 , 11ú Nollaig 2018, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (agus a chur i bhfeidhm arna chur siar go dtí an 28ú Eanáir 2022), in ainneoin gur chinn an chúirt náisiúnta gur theip ar an dlí náisiúnta éifeacht a thabhairt don dualgas in Airteagail 61(1), 58(4), agus 59(3) de Threoir 2001/82/CE2 go mbeadh pacáistiú agus lipéadú táirgí tréidliachta i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit .i. Gaeilge chomh maith le Béarla in Éirinn?

____________

1 Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO 2019, L 4, lch. 43).

2 Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta (IO 2001, L 311, lch. 1).