Léiriú

Réamhrá

Comhdhéanamh

Dlínse

Nós Imeachta

An Chúirt Bhreithiúnais i ndlíchóras an Aontais Eorpaigh

Réamhrá

Le teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, an 1 Nollaig 2009, deonaíodh pearsantacht dhlítheanach don Aontas Eorpach agus tugadh dó an dlínse arna bronnadh ar an gComhphobal Eorpach roimhe sin. Rinneadh Dlí an Aontais de Dhlí an Chomhphobail ar an gcaoi sin, in éineacht leis na forálacha go léir arna nglacadh roimhe de bhun an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh mar is infheidhme roimh Chonradh Liospóin. Sa léiriú a leanas, úsáidfear an téarma ‘dlí an Chomhphobail' ina ainneoin sin nuair atá tagairt á déanamh do dhlínse de chuid na Cúirte Breithiúnais roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin.

I dtaobh an Aontais Eorpaigh, maireann an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) fós. Os rud é go bhfuil an dlínse atá ag an gCúirt Bhreithiúnais maidir le Euratom, i bprionsabal, díreach mar an gcéanna leis an dlínse atá aici i gcomhthéacs an Aontais Eorpaigh, agus ionas go mbeidh an léiriú a leanfaidh níos soiléire, cumhdófar dlí Euratom le gach tagairt a dhéanfar do dhlí an Aontais.

 

Comhdhéanamh

vignette-cjce   Tá 27 mBreitheamh agus 11 Abhcóide Ghinearálta sa Chúirt Bhreithiúnais. Ceaptar na Breithiúna agus na hAbhcóidí Ginearálta trí chomhaontú a dhéanann rialtais na mBallstát, tar éis dul i gcomhairle le coiste atá freagrach as tuairim a thabhairt ar oiriúnacht na n-iarratasóirí ionchasacha chun na cúraimí lena mbaineann a chur i gcrích. Ceaptar iad ar feadh téarma sé bliana, ar téarma é is féidir a athnuachan. Roghnaítear iad ó na daoine nach bhfuil amhras ar bith ann faoin neamhspleáchas, a bhfuil na cáilíochtaí is gá acu chun iad a cheapadh sna hoifigí breithiúnacha is airde ina dtíortha féin, nó ar dlí-eolaithe iad a n-aithnítear a n-inniúlacht.

Toghann Breithiúna na Cúirte Breithiúnais idir eatarthu Uachtarán agus Leas-Uachtarán ar feadh téarma trí bliana, téarma is féidir a athnuachan. Stiúrann an tUachtarán obair na Cúirte agus is é a bhíonn i gceannas ag éisteachtaí agus pléití na Cúirte iomláine nó an Mhór-Dhlísheomra. Cabhraíonn an Leas-Uachtarán leis an Uachtarán i bhfeidhmiú a chuid dualgas, agus tógann sé a áit nuair is gá.

Cabhraíonn na hAbhcóidí Ginearálta leis an gCúirt. Tá siad freagracht as ‘tuairim’ a thabhairt, le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas iomlán, sna cásanna a shanntar dóibh.

Is ardrúnaí na hinstitiúide é an Cláraitheoir agus bainistíonn sé ranna na hinstitiúide faoi údarás Uachtarán na Cúirte.

Féadfaidh an Chúirt suí mar thionól iomlánach, mar Mhór-Dhlísheomra a bhfuil 15 Bhreitheamh ann nó mar Dhlísheomraí a bhfuil triúr nó cúigear Breithiúna iontu.

Suíonn an Chúirt mar thionól iomlánach sna cásanna faoi leith dá bhforáiltear le Reacht na Cúirte Breithiúnais (lena n-áirítear nósanna imeachta i gcomhair an tOmbudsman Eorpach a bhriseadh as a phost nó Baill den Choimisiún Eorpach a theip air nó uirthi a n-oibleagáidí a chomhlíonadh) agus nuair a cheapann an Chúirt go bhfuil mórthábhacht ag baint le cás.

Suíonn sí mar Mhór-Dhlísheomra nuair a iarrann Ballstát nó institiúid is páirtí sna himeachtaí amhlaidh, agus i gcásanna atá thar a bheith casta nó tábhachtach.

Éistíonn Dlísheomraí a bhfuil triúr nó cúigear Breithiúna iontu le cásanna eile. Toghtar Uachtaráin na nDlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu go ceann téarma trí bliana, agus iad siúd de na Dlísheomraí a bhfuil triúr Breithiúna iontu go ceann bliana.

 

Dlínse

Tugadh dlínse shainmhínithe shoiléir don Chúirt, ionas go mbeidh sí ar a cumas a tasc a chomhlíonadh i gceart, a chuireann sí i bhfeidhm i gcásanna a bhaineann le tarchur chun réamhrialú agus i gcatagóirí éagsúla nósanna imeachta.

Na cineálacha éagsúla nósanna imeachta

  • Tarchur chun réamhrialú

Comhoibríonn an Chúirt Bhreithiúnais leis na cúirteanna go léir de na Ballstáit, atá ina ngnáthchúirteanna i gcursaí dhlí an Aontais Eorpaigh. Féadfaidh na cúirteanna náisiúnta, agus i gcásanna áirithe ní mór dóibh, tarchur a dhéanamh don Chúirt Bhreithiúnais agus a iarraidh uirthi pointe maidir le léirmhíniú dhlí AE a shoiléiriú, sa chaoi go bhféadfaidh siad a fháil amach, mar shampla, cé acu an gcloíonn a reachtaíocht náisiúnta leis an dlí sin, i gcomhair cur i bhfeidhm éifeachtach agus aonfhoirmeach de reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a áirithiú agus chun léirmhínithe éagsúla a sheachaint. Is éard a d’fhéadfadh a bheith i gceist freisin le tarchur chun réamhrialú ná athbhreithniú a fháil ar bhailíocht gnímh de chuid dhlí an Aontais Eorpaigh.

Ní tuairim amháin atá i bhfreagra na Cúirte Breithiúnais, ach breithiúnais nó ordú réasúnaithe atá ann. Tá an chúirt náisiúnta ar a bhfuil sé dírithe, agus í ag cinneadh na caingne os a comhair, faoi cheangal an léirmhínithe arna thabhairt. Tá cúirteanna náisiúnta eile ina n-ardaítear an fhadhb chéanna os a gcomhair faoi cheangal bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais sa chaoi chéanna.

Is trí tharchur chun réamhrialú a fhéadfaidh aon saoránach Eorpach soiléiriú a lorg ar rialacha an Aontais Eorpaigh a bhfuil tionchar acu air. Cé go bhféadfadh cúirt náisiúnta amháin an tarchur a dhéanamh, d’fhéadfadh na páirtithe sna himeachtaí os comhair na cúirte sin, na Ballstáit agus na hinstitiúidí den Aontas Eorpach páirt a ghlacadh sna himeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais. Is mar sin a leagadh síos le réamhrialuithe roinnt prionsabail thábhachtacha de dhlí AE, uaireanta mar fhreagra ar cheisteanna arna dtarchur ag cúirteanna náisiúnta céadchéime.

  • Imeachtaí mar gheall ar mhainneachtain in oibleagáid a chomhlíonadh

Ar bhonn na n-imeachtaí sin tá an Chúirt Bhreithiúnais in ann a chinneadh cé acu an bhfuil oibleagáidí faoi dhlí an Aontais Eorpaigh comhlíonta ag Ballstát. Sula dtugann an Coimisiún an cás os comhair na Cúirte Breithiúnais, déanann an Coimisiún réamhnós imeachta ina dtugtar an deis don Bhallstát sin freagra a thabhairt ar na gearáin atá dírithe air. Mura gcuireann an Ballstát deireadh leis an mainneachtain mar thoradh ar an nós imeachta sin, féadfar imeachtaí um shárú dhlí AE a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais. Féadfaidh an Coimisiún na himeachtaí a thabhairt - mar is amhlaidh a bhíonn an cás - nó féadfaidh Ballstát iad a thabhairt. Má chinneann an Chúirt nár chomhlíon Ballstát oibleagáid, ní mór dó deireadh a chur leis an mainneachtain gan mhoill. Má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais, tar éis imeachtaí breise arna dtabhairt ag an gCoimisiún, nach bhfuil a breithiúnas comhlíonta ag an mBallstát lena mbaineann, féadfaidh sí pionós airgeadais seasta nó tréimhsiúil a ghearradh air. Mura gcuirtear in iúl don Choimisiún bearta lena dtrasuítear treoir, áfach, féadfaidh sé a mholadh go ngearrfaidh an Chúirt pionós airgid ar an mBallstát lena mbaineann, tar éis don Chúirt an breithiúnas tosaigh a sheachadadh lena mbunaítear mainneachtain in oibleagáid a chomhlíonadh.

  • Caingne le haghaidh neamhniú

Leis an gcaingean le haghaidh neamhniú, is éard atá i gceist ag an iarratasóir ná gníomh a neamhniú (go háirithe rialachán, treoir nó cinneadh) arna ghlacadh ag institiúid, ag comhlacht, ag oifig nó ag gníomhaireacht den Aontas Eorpach. Tá dlínse eisiach ag an gCúirt Bhreithiúnais ar na caingne sin a thionscnaíonn Ballstát in aghaidh Pharlaimint na hEorpa agus/nó in aghaidh na Comhairle (seachas bearta na Comhairle i leith Státchabhrach, dumpála agus cumhachtaí cur chun feidhme) nó ar na caingne a thionscnaíonn ceann de na hinstitiúidí den Aontas Eorpach in aghaidh a chéile. Tá dlínse ag an gCúirt Ghinearálta, ar an gcéad chéim, sna caingne eile ar fad den chineál sin agus go háirithe i gcaingne a thionscnaíonn daoine aonair.

  • Caingne maidir le mainneachtain gníomhú

Féadtar athbhreithniú a dhéanamh leis an gcaingean seo ar dhlíthiúlacht na mainneachtana gníomhaithe d’institiúidí, de chomhlachtaí, d’oifigí nó de ghníomhaireachtaí den Aontas Eorpach. Féadfar caingne amhail iad siúd a thabhairt ach amháin, áfach, tar éis iarraidh ar an institiúid lena mbaineann gníomh a dhéanamh. Sa chás go ndearbhaítear go bhfuil an mhainneachtain gníomhú neamhdhleathach, is faoin institiúid lena mbaineann é deireadh a chur leis an mainneachtain gníomhú le bearta iomchuí. Maidir leis an dlínse i leith éisteacht a thabhairt do chaingne mainneachtana gníomhaithe, roinntear é idir an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta de réir na gcritéar céanna i gcomhair caingne le haghaidh neamhniú.

  • Achomhairc

Is féidir achomhairc ar phointí dlí amháin a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais in aghaidh breithiúnas agus orduithe den Chúirt Ghinearálta. Má mheastar go bhfuil an t-achomharc inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis, cuireann an Chúirt Bhreithiúnais cinneadh na Cúirte Ginearálta i leataobh. Nuair a cheadaítear é le staideanna na n-imeachtaí, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a cinneadh féin a dhéanamh faoin gcás. Mar mhalairt air sin, cuireann sí an cás ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta a bheidh faoi cheangal an chinnidh a thug an Chúirt Bhreithiúnais ar an achomharc.

 

Nós Imeachta

Cibé an chineáil cáis, tá céim i scríbhinn ann i gcónaí agus, más iomchuí, tá céim ó bhéal ann, atá ar fáil don phobal. Is gá, áfach, idirdhealú a dhéanamh idir, ar an gcéad dul síos, tarchur chun réamhrialuithe agus, ar an dara dul síos, caingne eile (gníomhartha díreacha agus achomhairc).

Tionscnamh imeachtaí os comhair na Cúirte agus an nós imeachta i scríbhinn

  • I dtarchur chun réamhrialú

Tarchuireann an chúirt náisiúnta ceisteanna chuig an gCúirt Bhreithiúnais maidir le léirmhíniú nó bailíocht forálacha de dhlí an Aontais Eorpaigh, de ghnáth i bhfoirm cinneadh breithiúnach i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta náisiúnta. Aistríonn seirbhís aistriúchán na Cúirte an iarraidh sin sna teangacha go léir den Aontas Eorpach agus tar éis sin, cuireann an Cláraitheoir é in iúl do na páirtithe sna himeachtaí náisiúnta agus do na Ballstáit go léir agus na hinstitiúidí den Aontas Eorpach. Foilsítear fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh lena ndearbhaítear, inter alia, ainmneacha na bpáirtithe sna himeachtaí agus ábhar na gceisteanna. Tá dhá mhí ag na páirtithe, na Ballstáit agus na hinstitiúidí chun a gcuid barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais.

  • I ngníomhartha díreacha agus achomhairc

Ní mór caingean a thabhairt os comhair na Cúirte trí iarratas atá dírithe ar an gCláraitheoir. Foilsíonn an Cláraitheoir fógra na caingne san Iris Oifigiúil, lena leagtar síos pléadálacha agus aighneachtaí an iarratasóra. Seirbheáiltear an t-iarratas ar na páirtithe eile, a bhfuil tréimhse dhá mhí acu cosaint nó freagra a thaisceadh. Más iomchuí, féadfaidh an t-iarratasóir freagra a thaisceadh agus féadfaidh an cosantóir athfhreagra a thaisceadh. Ní mór na teorainneacha ama maidir le taisceadh na ndoiciméad sin a chomhlíonadh.

Sannann an tUachtarán agus an Chéad Abhcóide Ginearálta faoi seach Breitheamh is Rapóirtéir agus Abhcóide Ginearálta, atá sé de chúram orthu faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an cháis, sa dá chineál caingne araon.

Na bearta fiosrúcháin

I ngach imeacht, tar éis chlabhsúr an nós imeachta i scríbhinn, féadann na páirtithe a chur in iúl, laistigh de thréimhse trí seachtaine, más mian leo agus cén fáth gur mian leo éisteacht a thionól. Cinneann an Chúirt tar éis di tuarascáil an Bhreithimh is Rapóirtéir a léamh agus tar éis di éisteacht leis an tuairim ón Abhcóide Ginearálta, cé acu an bhfuil gá aon bhearta fiosrúcháin a dhéanamh, an cineál foirmíochta ar chóir an cás a shannadh di, agus cé acu ar chóir éisteacht le haghaidh pléadálacha ó bhéal a thionól, dá socróidh an tUachtarán dáta di.

An chúirt oscailte agus na tuairimí ón Abhcóide Ginearálta

Nuair a chinntear go dtionólfar éisteacht ó bhéal, pléitear an cás ag éisteacht i gcúirt oscailte, os comhair an bhinse agus an Abhcóide Ghinearálta. Féadfaidh na Breithiúna agus an tAbhcóide Ginearálta aon cheisteanna a mheasann siad a bheith iomchuí a chur ar na páirtithe. Roinnt seachtainí tar éis sin, tugann an tAbhcóide Ginearálta tuairim os comhair na Cúirte Breithiúnais, arís i gcúirt oscailte. Déanann sé mionanailís ar na gnéithe dlíthiúla den chás agus molann sé go hiomlán neamhspleách den Chúirt Bhreithiúnais an freagra a mheasann sé ar chóir a thabhairt ar an bhfadhb arna hardú. Sin é clabhsúr na céime ó bhéal de na himeachtaí. I gcás go meastar nach dtagann aon cheist dlí nua chun cinn le linn na céime ó bhéal den nós imeachta, féadfaidh an Chúirt a chinneadh, tar éis di éisteacht leis an Abhcóide Ginearálta, breithiúnas a thabhairt gan tuairim a fháil.

Breithiúnais

Pléann na Breithiúna ar bhonn dréachtbhreithiúnas a dhréachtaíonn an Breitheamh is Rapóirtéir. Is féidir le gach Breitheamh den fhoirmíocht lena mbaineann athruithe a mholadh. Is trí thromlach a chinneann an Chúirt Bhreithiúnais na cinntí agus ní fhoilsítear aon tuaraimí easaontacha. Síneann na Breithiúna a bhí i láthair le linn na bpléadálacha ó bhéal amháin an breithiúnas, gan dochar don riail nach síneann an Breitheamh is sóisearaí san fhoirmíocht an breithiúnas sin má tá an fhoirmíocht sin cothrom. Dearbhaítear breithiúnais i gcúirt oscailte. Tá breithiúnais agus tuairimí ón Abhcóide Ginearálta ar fáil ar shuíomh gréasáin CURIA an lá a dhearbhaítear iad. Foilsítear iad, don chuid is mó, ina dhiaidh sin i dTuairiscí na Cúirte Breithiúnais.

Nósanna imeachta speisialta

  • An nós imeachta simplithe

Sa chás go bhfuil ceist arna tarchur chun réamhrialú go díreach mar an gcéanna le ceist a iarradh an Chúirt breithiúnas a thabhairt uirthi roimhe sin, nó sa chás nach n-ardaítear aon amhras réasúnaithe ó fhreagra na ceiste nó go bhféadfar an freagra a tabhairt le fios go soiléir ón gcásdlí atá ann cheana féin, féadfaidh an Chúirt, tar éis di éisteacht leis an Abhcóide Ginearálta, a cinneadh a thabhairt trí ordú réasúnaithe, agus í ag lua go háirithe breithiúnas roimhe sin maidir leis an gceist sin nó leis an gcásdlí ábhartha.

  • An nós imeachta brostaithe

Is féidir leis an gCúirt a breithiúnais a thabhairt go tapa i gcásanna an-phráinneach leis an nós imeachta brostaithe trí laghdú na dteorainneacha ama a mhéid agus is féidir agus trí thosaíocht iomlán a thabhairt do na cásanna siúd. Ar iarratas ó cheann amháin de na páirtithe, féadfaidh Uachtarán na Cúirte a chinneadh, ar thogra ón mBreitheamh is Rapóirtéir, agus tar éis dó éisteacht leis an Abhcóide Ginearálta agus na páirtithe eile, cé acu an bhfuil gá ann an nós imeachta brostaithe a chur i bhfeidhm mar gheall ar an bpráinn faoi leith a bhaineann leis an gcás. Is féidir an nós imeachta sin a chur i bhfeidhm i leith tarchur chun réamhrialú freisin. Sa chás sin, déanann an chúirt náisiúnta atá ag lorg an tarchuir chun réamhrialú an t-iarratas agus ní mór di a leagan síos san iarratas na cúinsí lena mbunaítear go bhfuil breithiúnas ar an gceist arna tarchur chuig an gCúirt ina ábhar práinne eisceachtúla.

  • An nós imeachta práinne um réamhrialú

Is féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais déileáil leis na saincheisteanna is íogaire maidir leis an réimse saoirse, slándála agus córa (comhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla, chomh maith le víosa, tearmainn, inimirce agus beartais eile a bhaineann le saoirse gluaiseachta daoine) leis an nós imeachta seo laistigh d’achar ama i bhfad níos giorra. Sanntar cásanna atá á ndéileáil faoin nós imeachta práinne do Dhlísheomra de chúigear Breithiúna arna n-ainmniú go speisialta agus déantar an chéim i scríbhinn den nós imeachta, sa ghnáthchleachtas, go leictreonach den chuid is mó agus ciorraítear í go háirithe, i dtaobh tréimhse ama de agus líon na ndaoine araon a bhfuil cead acu barúlacha i scríbhinn a chur isteach, leis an gcuid is mó dóibh ag déanamh idirghabhála sa chéim ó bhéal den nós imeachta, atá éigeantach.

  • Iarratais ar bhearta eatramhacha

Le hiarratais ar bhearta eatramhacha lorgaítear go gcuirtear feidhmiú orduithe a ghlac institiúid ar fionraí, ar bearta iad atá ina n-ábhar caingne, nó aon bheart eatramhach eile is gá chun dochar tromchúiseach doleigheasta do pháirtí a thoirmeasc.

Costais a bhaineann le himeachtaí

Tá na himeachtaí os comhair na Cúirte saor ó chostais. Ar an taobh eile de, ní íocann an Chúirt táillí agus costais aon dlíodóra atá i dteideal cleachtadh os comhair cúirt de Bhallstát dá ndéanann ionadaíocht riachtanach do na páirtithe. Féadfaidh páirtí nach bhfuil in ann a gcostais go léir nó cuid dá gcostais den nós imeachta a íoc, áfach, iarratas a chur isteach le haghaidh cúnamh dlíthiúil, gan gá dóibh dlíodóir a theagasc. Ní mór don fhianaise go léir lena mbunaítear an gá le haghaidh cúnamh dhlíthiúil a bheith i gcóip san iarratas.

Socruithe teangacha

In imeachtaí díreacha, is í ‘teanga an cháis’, i bprionsabal, an teanga arna húsáid san iarratas (a fhéadfaidh a bheith ceann de na 24 theanga oifigiúla den Aontas Eorpach), eadhon an teanga ina mbeidh na himeachtaí. In achomhairc, is í teanga an cháis teanga an bhreithiúnais nó an ordaithe ón gCúirt Ghinearálta atá faoi achomharc. Maidir le tarchur chun réamhrialú, is í teanga an cháis teanga na cúirte náisiúnta a dhéanann an tarchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais. Déantar ateangaireacht chomhuaineach ar na nósanna imeachta ó bhéil ag éisteachtaí, mar is gá, go teangacha éagsúla an Aontais Eorpaigh. Déanann na Breithiúna a bpléití, gan ateangairí, i dteanga choiteann, is í sin go traidisiúnta, an Fhraincis.

Sreabhchairt an nós imeachta

An nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

Caingne díreacha agus achomhairc

 

Tarchur chun réamhrialú

An nós imeachta i scríbhinn

Iarratas

Seirbheáil an iarratais ar an gcosantóir ag an gClárlann

Fógra na caingne in Iris Oifigiúil AE (sraith C)

[Bearta eatramhacha]

[Idirghabháil]

Cosaint/freagra

[Agóid i gcoinne inghlacthachta]

[Freagra agus athfhreagra]

[Iarratas ar chúnamh dlíthiúil]

Ainmniú an Bhreithimh is Rapóirtéir agus an Abhcóide Ghinearálta

Cinneadh ón gcúirt náisiúnta tarchur chun réamhrialú a dhéanamh

Aistriúchán go dtí na teangacha oifigiúla eile den Aontas Eorpach

Fógra na gceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú in Iris Oifigiúil AE (sraith C)

Fógra do na páirtithe sna himeachtaí, do na Ballstáit, do na hinstitiúidí den Aontas Eorpach, do Stáit LEE agus do Údarás Faireacháin CSTE

Barúlacha i scríbhinn na bpáirtithe, na Stát agus na n-institiúidí

Déanann an Breitheamh is Rapóirtéir an réamhthuarascáil a dhréachtú

Cruinniú ginearálta na mBreithiúna agus na nAbhcóidí Ginearálta

Sannadh an cháis d’fhoirmíocht
[Bearta fiosrúcháin]

An nós imeachta ó bhéal

[Tuairim ón Abhcóide Ginearálta]

Pléití na mBreithiúna

BREITHIÚNAS

Léirítear na céimeanna roghnacha sa nós imeachta idir lúibíní.
Léirítear doiciméad poiblí le cló trom.

 

An Chúirt Bhreithiúnais i ndlíchóras an Aontais Eorpaigh

Chun an Eoraip a thógáil, rinne na Ballstáit (inniu is 27 mBallstát atá ann) conarthaí a thabhairt i gcrích lenar bunaíodh ar dtús na Comhphobail Eorpacha agus ansin Aontas Eorpach, le hinstitiúidí a ghlacann rialacha dlíthiúla i réimsí sonracha.

Is í an institiúid bhreithiúnach de chuid an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) an Chúirt Bhreithiúnais. Dhá chúirt atá inti: an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta. Is é a bpríomhchúram dlíthiúlacht bhearta AE a scrúdú agus léirmhíniú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí AE a áirithiú.

Trína cásdlí, d’aimsigh an Chúirt Bhreithiúnais oibleagáid atá ar riaracháin agus ar chúirteanna náisiúnta dlí AE a chur bhfeidhm ina iomláine laistigh dá raon inniúlachta agus na cearta arna mbronnadh ar shaoránaigh leis an dlí sin a chosaint (cur i bhfeidhm díreach dhlí AE), agus aon foráil náisiúnta chontrátha a chur ar fionraí, cé acu a tháinig sí i bhfeidhm roimh nó tar éis fhoráil AE (tosaíocht dhlí AE ar an dlí náisiúnta).

D’aithin an Chúirt freisin prionsabal dliteanais na mBallstát i leith shárú dhlí AE a imríonn, ar an gcéad dul síos, ról tábhachtach i ndaingniú na gceart arna mbronnadh ar daoine aonair le forálacha AE agus, ar an dara dul síos, a fhéadfaidh a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha AE níos díograisí ag na Ballstáit. Is dócha, mar sin, go n-eascróidh oibleagáidí i leith cúiteamh a íoc as sáruithe arna ndéanamh ag Ballstáit agus, i gcásanna áirithe, d’fhéadfaí go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha ar a gcistí poiblí. Thairis sin, féadtar aon sárú dhlí AE a dhéanann Ballstát a thabhairt os comhair na Cúirte agus, sa chás nach gcomhlíontar breithiúnas lena ndearbhaítear an sárú sin, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh le haghaidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil agus/nó íocaíocht suime seasta. Mura gcuirtear in iúl don Choimisiún bearta lena dtrasuítear treoir, áfach, féadfaidh sé a mholadh go ngearrann an Chúirt pionós airgid ar Bhallstát, tar éis don Chúirt an breithiúnas tosaigh lena mbunaítear mainneachtain in oibleagáidí a chomhlíonadh.

Comhoibríonn an Chúirt Bhreithiúnais leis na cúirteanna náisiúnta freisin, arb iad na gnáthchúirteanna a chuireann dlí AE i bhfeidhm. Is féidir le haon chúirt nó binse náisiúnta a iarrtar orthu agóid a bhaineann le dlí AE a chinneadh ceisteanna a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú agus i gcásanna áirithe ní mór dóibh déanamh amhlaidh. Ní mór don Chúirt Bhreithiúnais ansin a léirmhíniú a thabhairt nó bailíocht rialacha de dhlí AE a athbhreithniú.

Cuirtear in iúl le forbairt a cásdlí an méid a chuireann an Chúirt Bhreithiúnais le timpeallacht dhlíthiúil a chruthú dá saoránaigh trí chosaint na gceart arna mbronnadh orthu le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh i réimsí éagsúla dá saol laethúil.

Prionsabail bhunúsacha arna leagan síos le cásdlí

Ina cásdlí (ag tosú le Van Gend & Loos in 1963), thug an Chúirt isteach prionsabal na héifeachta dírí de dhlí an Chomhphobail sna Ballstáit, lena bhfuil na saoránaigh Eorpacha anois in ann brath go díreach ar rialacha de dhlí an Aontais Eorpaigh os comhair a gcúirteanna náisiúnta.

D’allmhairigh an chuideachta iompair Van Gend & Loos earraí ón nGearmáin agus ón Ísiltír agus bhí uirthi dleachtanna custaim a íoc a cheap sí a bhí neamhréir leis an riail i gConradh CEE lena dtoirmisctear méaduithe ar dhleachtanna custaim i dtrádáil idir Ballstáit. Ardaíodh leis an gcaingean an cheist ar an gcoimhlint idir reachtaíocht náisiúnta agus forálacha de Chonradh CEE. Chinn an Chúirt an cheist arna tarchur ag cúirt na hÍsiltíre trí phrionsabal na héifeachta dírí a dhearbhú, lenar bronnadh, leis sin, deimhniú díreach dá chearta faoi dhlí an Chomhphobail ar an gcuideachta iompair os comhair na cúirte náisiúnta.

In 1964, bunaíodh le breithiúnas Costa tosaíocht dhlí an Chomhphobail ar an dlí náisiúnta. Sa chás sin, d’iarr cúirt de chuid na hIodáile ar an gCúirt Bhreithiúnais cé acu an raibh dlí na hIodáile ar náisiúnú de tháirgeadh agus de dháileadh fuinnimh leictrigh i gcomhréir le rialacha áirithe i gConradh CEE. Thug an Chúirt isteach an prionsabal maidir le tosaíocht dhlí an Chomhphobail, bunaithe ar chineál sonrach dhlíchóras an Chomhphobail, atá le chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach sna Ballstáit go léir.

In 1991, i mbreithiúnas Francovich agus Eile, d’fhorbair an Chúirt coincheap bunúsach eile, dliteanas Ballstáit i leith daoine aonair as damáiste a dhéantar dóibh de dheasca shárú dhlí an Chomhphobail arna dhéanamh ag an mBallstát sin. Ó 1991 ar aghaidh, dá bhrí sin, tá saoránaigh Eorpacha in ann caingean a thabhairt i leith damáiste i gcoinne Stát a sháraíonn riail den Chomhphobal.

Thóg beirt shaoránach ón Iodáil, a raibh íocaíocht dlite dóibh óna bhfostóirí dócmhainneacha, caingne i leith dearbhú gur theip ar Stát na hIodáile forálacha den Chomhphobal a thrasuí lena gcosnaítear fostaithe i gcás dhócmhainneacht a bhfostóirí. Ar tharchur ó chúirt de chuid na hIodáile, dhearbhaigh an Chúirt gur ceapadh an treoir i gceist chun cearta a bhronnadh ar daoine a séanadh cearta dóibh mar thoradh ar mhainneachtain gníomhú ag an Stát nár chuir an treoir i bhfeidhm. D’oscail an Chúirt ar an gcaoi sin an fhéidearthacht do chaingean i leith damáistí i gcoinne an Stáit féin.

An Chúirt i saol shaoránach an Aontais Eorpaigh

I measc na mílte breithiúnas a thug an Chúirt, is léir go bhfuil iarmhairtí tábhachtacha ag an móramh, go háirithe le tarchur chun réamhrialú, ar shaol laethúil shaoránaigh an Aontais Eorpaigh. Luaitear roinnt de na breithiúnais sin thíos mar shamplaí ó na réimsí is tábhachtaí de dhlí an Aontais Eorpaigh.

  • Saorghluaiseacht earraí

Ó bhreithiúnas Cassis de Dijon in 1979 i leith maidir le prionsabal saorghluaiseachta earraí, tá trádálaithe in ann aon táirge ag teacht ó tír eile laistigh den Aontas Eorpach a allmhairiú ina dtír, ar choinníoll go monaraítear agus go margaítear é go dleathach sa tír sin agus ar choinníoll nach bhfuil aon réasúnú sáraitheach a bhaineann leis an gcosaint sláinte, mar shampla, nó leis an gcosaint timpeallachta a chuirfeadh bac ar a allmhairiú sa tír ina n-ídítear na hearraí.

  • Saorghluaiseacht daoine

Tugadh a lán breithiúnas i réimse na saorghluaiseachta daoine. I mbreithiúnas Kraus (1993), chinn an Chúirt go rialaítear le dlí an Chomhphobail suíomh náisiúnaigh den Chomhphobal le teideal iarchéimithe acadúla, arna bhronnadh i mBallstát eile agus lena n-éascaítear rochtain ar ghairm nó rochtain ar ghníomhaíocht eacnamaíoch, fiú maidir leis na caidrimh idir an náisiúnach sin agus a Bhallstát tionscnaimh. Dá réir sin, más féidir leis an mBallstát úsáid a bhaint as an teideal sin ina chríoch faoi réir údarú riaracháin, ní mór don nós imeachta riaracháin a bheith ceaptha chun a dheimhniú amháin cé acu ar bronnadh an teideal mar is cóir.

Ceann de na cásanna is fearr aithne sa réimse seo ná cás Bosman (1995), inar thug an Chúirt breithiúnas ar tharchur ó chúirt de chuid na Beilge ar comhréireacht rialacha na gcónaidhmeanna sacair maidir le saorghluaiseacht oibrithe. Dhearbhaigh sí gur gníomhaíocht eacnamaíoch é spórt gairmiúil nach bhféadfar bac a chur ar a fheidhmiú le rialacha lena rialaítear aistriú na n-imreoirí nó lena gcuirtear srian le líon na náisiúnach ó Bhallstáit eile. Leathnaíodh an prionsabal sin i mbreithiúnais arna thabhairt ina dhiaidh sin go suíomh imreoirí gairmiúla ó thriú tíortha a chuaigh isteach i gcomhaontú comhlachais (Deutscher Handballbund, 2003) nó i gcomhaontú comhpháirtíocht (Simutenkov, 2005) leis na Comhphobail Eorpacha.

  • Saoirse chun seirbhísí a sholáthar

Bhain breithiúnas ó 1989 maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar le turasóir Briotanach a ionsaíodh agus a gortaíodh go tromchúiseach ar meitreo Pháras. Ar tarchur ó chúirt de chuid na Fraince, chinn an Chúirt go raibh sé, mar thurasóir, ina fhaighteoir seirbhísí lasmuigh dá thír agus gur clúdaíodh é le prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais náisiúntachta de dhlí an Chomhphobail. Dá bhrí sin bhí sé i dteideal an chúitimh chéanna agus a bhí náisiúnach de chuid na Fraince ina theideal (Cowan).

I gcásanna a tharchuir cúirteanna Lucsamburg, dhearbhaigh an Chúirt go raibh forálacha náisiúnta ina srian gan údar maith ar shaoirse chun seirbhísí a sholáthar a bhfuil an éifeacht acu nach bhfuil duine árachaithe in ann aisíoc i leith cóireáil fiaclóireachta a fháil de bharr gur tugadh an chóireáil i mBallstát eile (Kohll, 1998), agus go meastar go bhfuil diúltú do chostais a aisíoc a bhaineann le spéaclaí  cheannach thar lear ina shrian gan údar maith ar shaorghluaiseacht earraí (Decker, 1998).

  • Cóir chomhionann agus cearta sóisialta

Thug aeróstach caingean i gcoinne a fostóra ar fhorais idirdhealaithe maidir leis an bpá a fuair sí i gcodarsnacht lena comhghleacaithe fireanna a rinne an obair chéanna a rinne sise. Ar tharchur ó chúirt de chuid na Beilge, dhearbhaigh an Chúirt in 1976 go raibh éifeacht dhíreach ag riail an Chonartha lenar ceanglaíodh ar fhostóirí íocaíocht chomhionann d’fhir agus do mhná araon don obair chéanna (Defrenne).

Bhí ról ag an gCúirt i leith cosaint a thabhairt do mhná i gcoinne dífhostú a bhaineann le toircheas trína léirmhíniú ar rialacha an Chomhphobail maidir le cóir chomhionann d’fhir agus do mhná. Briseadh bean as a post nach raibh in ann dul ar aghaidh lena cuid oibre mar gheall ar dheacrachtaí a bhí aici de bharr a toirchis. In 1998, chinn an Chúirt go raibh an dífhostú sin neamhréir le dlí an Chomhphobail. Is idirdhealú neamhdhleathach ar bhonn gnéis é dífhostú mná le linn toirchis i leith neamhláithreachtaí a bhaineann le tinneas maidir le toircheas (Brown).

D’fhonn cosaint shláinte agus shlándáil na n-oibrithe a áirithiú, ní mór do na hoibrithe saoire bhliantúil íoctha a fháil. In 1999, rinne BECTU, ceardchumann Briotanach, agóid i gcoinne reachtaíocht den Ríocht Aontaithe lenar séanadh an cearta sin ar oibrithe le conarthaí gearrthréimhse ar an bhforas go raibh sé neamhréir le treoir den Chomhphobal ar eagrú ama oibre. Chinn an Chúirt (BECTU, 2001) go bhfuil an ceart i leith saoirse bhliantúil íoctha ina cheart a bhronntar go díreach ar gach oibrí le dlí an Chomhphobail agus nach bhféadfar an ceart sin a shéanadh ar aon oibrí.

  • Cearta bunúsacha

Trí dhearbhú gur dlúthchuid de na prionsabail ghinearálta dlí a chosnaíonn an Chúirt é urramú na gceart bunúsach, chuir sí go suntasach le feabhsú na gcaighdeán cosanta i leith na gceart sin. I ndáil leis sin, braitheann sí ar na traidisiúin bhunreachtúla atá coiteann do na Ballstáit agus conarthaí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine a chosaint, a ndearna na Ballstáit comhoibriú orthu nó a shínigh siad, go háirithe an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, beidh an Chúirt in ann an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh an 7 Nollaig 2000 a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm, a aithnítear faoi Chonradh Liospóin go bhfuil an luach dlí céanna aici agus atá ag na Conarthaí.

Thosaigh póilíní arm tine a iompar i dTuaisceart Éireann tar éis an iliomad ionsaithe sceimhlitheoireachta orthu. Níor ceadaíodh do phóilíní baineanna arm tine a iompar, áfach, ar fhoras na cosanta poiblí (ar bhonn teastas a d’eisigh an t-aire inniúil nach bhféadfaí agóid a dhéanamh ina aghaidh sna cúirteanna). Mar thoradh air sin, níor tairiscíodh conarthaí lánaimseartha sna póilíní i dTuaisceart Éireann do mhná a thuilleadh. Ar tarchur ó chúirt de chuid na Ríochta Aontaithe, chinn an Chúirt go bhfuil an t-eisiamh d’aon chumhacht athbhreithnithe atá ag na cúirteanna ar theastas a d’eisigh údarás náisiúnta neamhréir le prionsabal smachta bhreithiúnaigh éifeachtaigh a bhféadfaidh gach duine a mheasann go ndearnadh damáiste dóibh trí idirdhealú ar bhonn gnéis a bhrath air (Johnston, 1986).

  • Saoránacht an Aontais

Maidir le saoránacht an Aontais Eorpaigh, a thugtar do gach duine le náisiúntacht i mBallstát faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, dhearbhaigh an Chúirt go bhfuil an ceart cónaithe i mBallstát eile i gceist leis an tsaoránacht sin. I gcomhréir leis sin, tá ceart cónaithe ag mionaoiseach chomh maith atá ina náisiúnach de Bhallstát, a chumhdaítear le hárachas sláinte agus a bhfuil acmhainní leordhóthanacha ar fáil dó nó di. Thug an Chúirt faoi deara nach gá don leanbh féin na hacmhainní riachtanacha a bheith aige faoi dhlí an Aontais agus go mbeadh an toradh ar dhiúltú cirt chónaithe a dheonú dá mháthair, atá ina náisiúnach de thriú tír, ná go mbeadh ceart cónaithe an linbh gan feidhm (Zhu agus Chen, 2004).

Dhearbhaigh an Chúirt sa bhreithiúnas céanna, fiú sa chás ina bhfuil an cuspóir náisiúntacht de Bhallstát a fháil ionas go bhfaigheadh náisiúnach de thriú tír ceart cónaithe de bhun dhlí an Chomhphobail, ní cheadaítear do Bhallstát srian a chur ar éifeachtaí náisiúntacht de Bhallstát eile a dheonú.