An Chlárlann
Tá an chlárlann freagrach as na cásanna atá ar feitheamh a choimeád agus as an gclár a choinneáil ina ndéantar gach doiciméad nós imeachta a iontráil. Is í an chlárlann a fhaigheann, a choimeádann agus a sheirbheálann na hiarratais, na pléadálacha agus na doiciméid nós imeachta eile a chuireann dlíodóirí nó gníomhairí na bpáirtithe chun na Cúirte. Tá sí freagrach as gach comhfhreagras a bhaineann le himeachtaí os comhair na Cúirte. Doiciméid nós imeachta a thaisceadh
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh Teil.: (352) 4303-1
Taisce tríd an bpost Ní mór doiciméid nós imeachta, chomh maith le gach comhfhreagras a bhaineann le cásanna a chuirtear faoi bhráid na Cúirte, a sheoladh chuig clárlann na Cúirte ag úsáid an tseolta poist a léirítear thuas nó tríd an doiciméad nó an litir a sheachadadh go díreach chuig oifigí Chlárlann na Cúirte nó, lasmuigh dá huaireanta oscailte, chuig fáiltiú na Cúirte. Cuirtear doiciméad nós imeachta a dhéantar a tharchur roimhe sin trí fhacs nó trí ríomhphost san áireamh maidir le comhlíonadh na spriocdhátaí nós imeachta ar choinníoll go gcomhlíontar leis an tarchur sin agus le taisce an doiciméid ina dhiaidh sin na ceanglais a leagtar síos sna Rialacha Nós Imeachta. Ní mór aon tarchur den sórt sin a dhéanamh ag úsáid na huimhreach facs nó an tseolta ríomhphoist a luaitear thuas.
Taisce leictreonach Féadfaidh gníomhairí agus dlíodóirí atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirt de chuid Ballstáit nó de chuid Stát eile is páirtí sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, má tá cuntas rochtana e-Curia acu, pléadáil a chur isteach tríd an bhfeidhmchlár sin. Sa chás sin, ní gá, tar éis an doiciméad sin a tharchur, é a sheoladh tríd an bpost, ná fíorchóipeanna deimhnithe a sheoladh.
Tuilleadh faisnéise: - Nós imeachta
|