Rochtain ar dhoiciméid riaracháin

De bhun Airteagal 15, an tríú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, chuir Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh rialacha i bhfeidhm ina cinneadh an 26 Samhain 2019, maidir le rochtain an phobail ar dhoiciméid atá ina seilbh mar chuid de chomhlíonadh a cuid feidhmeanna riaracháin.

Tá ceart rochtana ar na doiciméid sin, i gcomhréir leis na coinníollacha leagtha amach sa chinneadh thuasluaite, ag gach saoránach den Aontas Eorpach agus ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí orthu nó a bhfuil oifig chláraithe acu san Aontas.

Níl baint ag an gcinneadh sin le doiciméid bhreithiúnacha. Is féidir breathnú ar na sonraí agus na doiciméid phoiblí atá bainte leis na cásanna sa bhunachar sonraí maidir leis an gcásdlí. Tá na téacsanna a rialaíonn na nósanna imeachta ar fáil faoin gceannteideal “nós imeachta” den dá dhlínse (An Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta).

Chun iarratas rochtana ar dhoiciméad atá i seilbh na Cúirte mar chuid de chomhlíonadh a cuid feidhmeanna riaracháin a chur isteach, ní mór an fhoirm atá ar fáil ag bun an leathanaigh a líonadh isteach (ar líne nó i bhformáid PDF). Caithfidh an t-iarratas a bheith scríofa i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais agus is féidir é a sheoladh chuig an gCúirt tríd an bpost, trí fhacs nó go leictreonach. Caithfidh an t-iarratas a bheith scríofa ar bhealach sách beacht agus beidh ann go háirithe na heilimintí cuí a bheith ann a ligeann don Chúirt an doiciméad/na doiciméid atá á lorg a aimsiú. Is féidir an leagan teanga den doiciméad atá ag teastáil a chur in iúl san fhoirm freisin, chomh maith le teanga ionadúil. Tabhair faoi deara nach féidir na doiciméid a sholáthar ach i leagan teanga agus i bhformáid a bhfuil ann di cheana. Níl iallach ar an gCúirt doiciméad nua a chruthú, doiciméad a aistriú nó eolas a bhailiú chun iarratas a chomhlíonadh.

Tar éis thaifeadadh an iarratais, gheofar foirm admhála fála. Cuirfidh an Chúirt an t-iarratas i gcrích laistigh de mhí amháin, seachas i leith fadaithe i gcomhréir le coinníollacha atá leagtha amach sa chinneadh.

Is féidir leis an gCúirt rochtain ar dhoiciméad a dhiúltú, go háirithe dá mba rud é go gcuirfeadh a nochtadh cosaint leas an phobail, príobháideachas agus ceart chun sláine an duine aonair, leasanna tráchtála, nósanna imeachta dlíthiúla agus tuairimí dlíthiúla i mbaol, nó dá mba rud é go ndéanfadh a nochtadh dochar tromchúiseach do phróiseas cinnteoireachta na Cúirte.

I gcás diúltú d’iarratais nó i gcás nach bhfaightear freagra sa theorainn ama atá leagtha síos, is féidir iarratas dearbhúcháin a chur isteach chun na Cúirte laistigh de mhí amháin, ag bainte úsáid as an bhfoirm chéanna seo, ag cur in iúl gur iarratas dearbhúcháin atá ann agus an uimhir chláraithe a fuarthas leis an bhfoirm admhála fála tar éis thaifeadadh an chéad iarratais.

 

Cosaint sonraí

Tá próiseáil na sonraí pearsanta a líontar isteach ar an bhfoirm iarratais faoi réir rialacha cosanta arna leagan síos i Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018, maidir le cosaint daoine nádúrtha i leith próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus saorghluaiseacht na sonraí sin.

féach: eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta

Foirmeacha

foirm ar líne

foirm i leagan PDF le priontáil agus le seoladh trí fhacs, tríd an bpost nó trí ríomhphost.