Léiriú Ginearálta

Ó bunaíodh í in 1952, an misean atá ag Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ná "meas ar an dlí a áirithiú" agus na Conarthaí “á léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm”.

Mar chuid den mhisean sin, déanann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh na nithe seo a leanas:

  • athbhreithniú ar dhlíthiúlacht ghníomhartha institiúidí an Aontais Eorpaigh,
  • a áirithiú go gcomhlíonann na Ballstáit na hoibleagáidí a eascraíonn as na Conarthaí, agus
  • dlí an Aontais Eorpaigh a léirmhíniú ar iarraidh ó chúirteanna náisiúnta.

Mar sin is í an Chúirt údarás breithiúnach an Aontais Eorpaigh agus, i gcomhar le cúirteanna na mBallstát, cinntíonn sí cur i bhfeidhm agus léirmhíniú aonfhoirmeach dhlí an Aontais.

Tá dhá chúirt i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a bhfuil a suíomh lonnaithe i Lucsamburg: an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta (a cruthaíodh in 1988). Chuir Binse na Seirbhíse Sibhialta, a bunaíodh in 2004, deireadh lena ghníomhaíochtaí an 1 Meán Fómhair 2016 tar éis a chumhachtaí a aistriú chuig an gCúirt Ghinearálta i gcomhthéacs an athchóirithe ar struchtúr chúirteanna an Aontais.

De bharr go bhfuil a theanga féin agus córas dlí áirithe ag gach Ballstát, is institiúid ilteangach í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Níl a leithéid de chóras teanga in aon dlínse eile ar domhan, mar is féidir le gach ceann de teangacha oifigiúla an Aontais a bheith mar theanga na n-imeachtaí. Ceanglaítear ar an gCúirt prionsabal an ilteangachais a mheas ina iomláine mar gheall ar an riachtanas i leith cumarsáid a dhéanamh leis na páirtithe i dteanga na n-imeachtaí agus a chinntiú go scaiptear a cásdlí sna Ballstáit go léir.