Fianáin

Chun a chinntiú go n-oibríonn an suíomh gréasáin seo i gceart, uaireanta caithimid comhaid sonraí beaga a shábháil ar ghléasanna úsáideoirí an tsuímh.

Cad is fianán ann?

Is comhad beag téacs é fianán, a shábhálann suíomh gréasáin ar do ríomhaire nó ar do ghléas soghluaiste nuair a thugann tú cuairt air. Cuireann fianáin ar chumas an tsuímh gréasáin cuimhneamh ar do ghníomhartha agus do shainroghanna (mar shampla logáil isteach, teanga, méid an chló agus sainroghanna eile taispeána) ar feadh tréimhse ama, ionas nach mbeidh gá duit iad a líonadh isteach in athuair nuair a fhillfidh tú ar an suíomh nó nuair a rachaidh tú ag brabhsáil ó leathanach go leathanach eile.

D’fhéadfadh fianáin eile, ó thríú páirtithe, a bheith úsáidte freisin chun rianú a dhéanamh ort nuair a dhéanann tú nascleanúint go suíomhanna eile a úsáideann seirbhísí ó na tríú páirtithe seo.

Conas fianáin a rialú

Is féidir fianáin a rialú agus/nó a scriosadh de réir mar atá ag teastáil. Le haghaidh tuilleadh eolais féach aboutcookies.org. Is féidir na fianáin go léir atá ar do ríomhaire cheana féin a scriosadh agus is féidir an chuid is mó de bhrabhsálaithe a shocrú chun bloc a chur orthu. Má dhéanann tú a leithéid, áfach, tharlódh sé go mbeadh ort roinnt sainroghanna a athrú de lámh gach uair a thugann tú cuairt ar shuíomh, agus tharlódh sé nach mbeadh roinnt seirbhísí agus feidhmiúlachtaí ar fáil.

Conas a bhainimid úsáid as fianáin?

Fianáin theicniúla

Úsáideann cuid dár leathanaigh fianáin chun cuimhneamh ar an méid seo a leanas:

  • do shainroghanna taispeána, mar shampla an teanga, contrárthacht na ndathanna agus méid an chló;
  • cé acu ar thug nó nár thug tú freagra ar shuirbhé faoi cé chomh cabhrach is a bhí an t‑ábhar (ionas nach n-iarrfar arís ort);
  • cé acu ar ghlac nó nár ghlac tú lenár n-úsáid fianán ar an suíomh seo;
  • cé acu ar ghlac nó nár ghlac tú le stóráil roinnt eilimintí ag YouTube.

Is féidir na fianáin seo a scriosadh nó a bloc a chur orthu, ach má dhéanann tú sin, tharlódh sé nach n‑oibreodh roinnt gnéithe den suíomh seo mar ba cheart.

Ní úsáidtear an t-eolas atá bainte leis na fianáin chun tú a shainaithint go pearsanta agus tá na sonraí go hiomlán faoinár smacht. Ní úsáidfear na fianáin seo riamh le haghaidh aon chuspóir seachas iad siúd a bhfuil cur síos orthu anseo.

Is iad seo a leanas na fianáin a úsáidtear sa tslí seo:

Ainm

Soláthraí

Cuspóir

Dul in éag

Cineál

JSESSIONID

curia.europa.eu

Socruithe sainroghanna an úsáideora thar leathanaigh éagsúla a stóráil

Seisiún

HTTP

jcms.prefs

curia.europa.eu

Sainroghanna an úsáideora, go háirithe na táib oscailte, a stóráil

Seisiún

HTTP

cookieconsent_status

curia.europa.eu

Aontú an úsáideora le húsáid fianán ag an suíomh seo a stóráil

Bliain amháin

HTTP

cookieconsent_status_youtube

curia.europa.eu

Cé acu ar ghlac nó nár ghlac úsáideoir le stóráil eilimintí ag YouTube a stóráil

Bliain amháin

HTTP

cookiesurvey_status

curia.europa.eu

Cé acu an bhfuil cuireadh feicthe nó nach bhfuil ag úsáideoir chun páirt a ghlacadh i suirbhé a stóráil

Mí amháin

HTTP

critere

curia.europa.eu

Critéir chuardaigh an tseisiúin sa bhunachar sonraí cásdlí a stóráil

Seisiún

HTTP

expiredSession

curia.europa.eu

Seiceáil an bhfuil an seisiún sa bhunachar sonraí cásdlí imithe in éag

Seisiún

HTTP

YouTube

Úsáidimid YouTube le haghaidh físeán a mhíníonn obair na Cúirte.  Tá a pholasaithe féin i leith fianán agus príobháideachais ag YouTube, nach bhfuil aon smacht againn orthu.

Úsáidimid YouTube sa mhód ard-phríobháideachais chun srian a chur ar na fianáin a úsáideann YouTube. Ag brath ar shocruithe do bhrabhsálaí, áfach, tharlódh sé go stórálfaí roinnt eilimintí ar do ríomhaire.

Sula mbeidh tú in ann féachaint ar na físeáin ní mór duit glacadh leis na fianáin sin.

Má roghnaigh tú bloc a chur ar fhianáin tríú páirtithe trí do bhrabhsálaí, ní dhéanfar stóráil ar na heilimintí sin.

 

Ainm

Soláthraí

Cuspóir

Dul in éag

Cineál

yt-remote-cast-installed

youtube-nocookie.com

Sainroghanna breathnóireachta an úsáideora d’fhíseáin leabaithe YouTube a stóráil

Seisiún

HTML

yt-remote-connected-devices

youtube-nocookie.com

Sainroghanna breathnóireachta an úsáideora d’fhíseáin leabaithe YouTube a stóráil

Dianseasmhach

HTML

yt-remote-device-id

youtube-nocookie.com

Sainroghanna breathnóireachta an úsáideora d’fhíseáin leabaithe YouTube a stóráil

Dianseasmhach

HTML

yt-remote-fast-check-period

youtube-nocookie.com

Sainroghanna breathnóireachta an úsáideora d’fhíseáin leabaithe YouTube a stóráil

Seisiún

HTML

yt-remote-session-app

youtube-nocookie.com

Sainroghanna breathnóireachta an úsáideora d’fhíseáin leabaithe YouTube a stóráil

Seisiún

HTML

yt-remote-session-name

youtube-nocookie.com

Sainroghanna breathnóireachta an úsáideora d’fhíseáin leabaithe YouTube a stóráil

Seisiún

HTML

 

Is féidir do thoiliú d’úsáid fhianáin YouTube ar ár suíomh a aistarraingt trí chliceáil air seo: 

OK

Europa Analytics

Is é Europa Analytics seirbhís an Choimisiúin Eorpaigh a dhéanann anailís agus luacháil ar éifeachtacht shuímh ghréasáin institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Tá Europa Analytics bunaithe ar an ardán anailíseach foinse oscailte “Matomo” agus tá sé suiteáilte ar fhreastalaí gréasáin PHP/MySQL.

Tá an bonneagar agus na bogearraí faoi smacht iomlán an Choimisiúin Eorpaigh agus géilleann siad do reachtaíocht AE atá i bhfeidhm i leith cosaint sonraí. Cumasaíonn an t-ardán sin cosaint a thabhairt do shonraí pearsanta an úsáideora deiridh a bhuíochas le gnéithe amhail dí-aitheantas seolta IP agus meicníocht a ligeann d’úsáideoirí rogha an diúltaithe a dhéanamh ionas nach bpróiseálfar a gcuid seisiún brabhsála chun críoch anailíse.

Riarann an Coimisiún Eorpach é ar son institiúidí agus chomhlachtaí uile AE.

Má ghníomhachtaigh tú an fheidhm “Do Not Track” i do bhrabhsálaí, ní stórálfar eilimintí Europa Analytics.

Ní théann na heilimintí sin i bhfeidhm ar nascleanúint leathanaigh shuíomh gréasáin Curia.

Ainm

Soláthraí

Cuspóir

Dul in éag

Cineál

_pk_id

curia.europa.eu

Seiceáil an bhfuil úsáideoir tar éis cuairt a thabhairt ar an suíomh cheana

56 seachtaine

HTTP

_pk_ses

curia.europa.eu

Uimhir aitheantais sheisiúin an úsáideora

Seisiún

HTTP

eu_optout

curia.europa.eu

Sainrogha an úsáideora gan a bheith rianaithe ag an tseirbhís Europa Analytics a stóráil

53 seachtaine

HTTP

Breis eolais faoi Europa Analytics

OPT-IN