Cosaint Sonraí Pearsanta ar shuíomh Curia

Tá an tAontas Eorpach tiomanta d’urramú an phríobháideachais agus do chosaint sonraí pearsanta. Tá beartas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh bunaithe ar Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018.

Ar an leathanach seo, gheobhaidh tú mínithe maidir leis an bpróiseáil a dhéantar ar  shonraí pearsanta agus suíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á léamh agat.

Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an bpróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéanann na hinstitiúidí faoi chuimsiú a gcúraimí éagsúla ar fáil faoin gceannteideal ‘Cosaint Sonraí Pearsanta’ atá le feiceáil faoi ‘An Institiúid’. Féadfaidh tú teacht ar an Lárthaifead de Ghníomhaíochta Próiseála chomh maith.

Léamh agus Úsáid Shuíomh Gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Uaireanta, chun suíomh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a úsáid agus a léamh, ní foláir sonraí pearsanta áirithe a phróiseáil.

Foirmeacha

Tá foirmeacha ar an suíomh seo trína bhféadfaidh tú dul i dteagmháil le seirbhísí áirithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó iarratas a sheoladh chucu. Foráiltear sna foirmeacha nach mór sonraí pearsanta áirithe a sholáthar chun freagra éifeachtúil a thabhairt ar d’iarratas.

Déanann na seirbhísí a mbíonn an fhaisnéis sin de dhíth orthu an fhaisnéis a phróiseáil i gcomhréir leis an rialachán réamhluaite agus tá sainfhógra faisnéise maidir le cosaint sonraí pearsanta, ina bhfuil cur síos ar an mbealach a n-úsáideann an institiúid na sonraí arna soláthar agus ar aidhm na próiseála a dhéantar sna foirmeacha sin.

Sonraítear rialaitheoir le haghaidh gach ceann de na gníomhaíochtaí próiseála sin sna fógraí faisnéise lena mbaineann. Tá faisnéis maidir le do chearta i ndáil le cosaint sonraí pearsanta agus maidir leis na daoine teagmhála má tá ceisteanna agat faoi phróiseáil na sonraí sin sna fógraí chomh maith.

‘Fianáin’

Úsáideann an suíomh seo ‘fianáin’ chun a chinntiú go n-oibreoidh sé i gceart agus chun brabhsáil air a éascú.

I gcásanna áirithe, is féidir ‘fianáin’ ó thríú páirtithe a bheith suiteáilte ar ríomhaire an úsáideora. Is amhlaidh atá an cás go háirithe chun féachaint ar fhíseáin ar Youtube nó i gcás ina nglacann an t-úsáideoir le faireachán ar a bhrabhsáil ar mhaithe le hanailís agus feabhsú an tsuímh.

Tá tuilleadh faisnéise maidir le húsáid na bhfianán agus maidir le conas iad a scriosadh nó gan iad a ghlacadh ar fáil ar leathanach an tsuímh atá dírithe ar ‘fhianáin’.

Na Meáin Shóisialta

Braitheann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar mheáin shóisialta áirithe mar chuid dá beartas cumarsáide seachtraí. Go háirithe, cainéal YouTube Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chomh maith le cúntas Twitter Stiúrthóireacht na Cumarsáide.

Tugtar deis leis an suíomh chomh maith faisnéis a chomhroinnt trí Facebook, Twitter, LinkedIn, Pinterest nó Reddit.

Is féidir leat teacht ar na meáin shóisialta sin trí úsáid a bhaint as na deilbhíní lena mbaineann i gcás ina bhfuil siad ar shuíomh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Tá a bheartas féin i leith príobháideachais ag gach ceann de na meáin sin. Má théann tú chuig na suímh sin, fágann tú suíomh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus próiseálann na meáin shóisialta sin do chuid sonraí  i gcomhréir lena mbeartas príobháideachais féin.

Is féidir féachaint ar fhíseáin YouTube chomh maith go díreach ar shuíomh na Cúirte. Sa chás sin, féadfaidh YouTube ‘fianáin’ nó modhanna rianaithe eile a úsáid go díreach. D’fhonn an rianú sin a sheachaint, léigh an chomhairle atá ar fáil ar ár leathanach maidir le ‘fianáin’.

Who is who

Tá nasc chuig eolaire oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an suíomh chomh maith, atá faoi bhainistiú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh. I gcás go dtéann tú chuig an leathanach ina bhfuil an t-eolaire sin, fágann tú suíomh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus is é beartas príobháideachais Oifig na bhFoilseachán atá infheidhme.

Téigh i dTeagmháil

Oifigeach Cosanta Sonraí

Cinntíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí go gcuirtear forálacha Rialacháin (AE) 2018/1725 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin i bhfeidhm agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag gníomhú i réimsí a gcúraimí neamhbhreithiúnacha, agus cuireann an tOifigeach comhairle ar rialaitheoirí na próiseála laistigh den institiúid faoina ndualgais maidir le cosaint sonraí pearsanta a urramú.

Is féidir dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí le haon cheist a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar agus suíomh Gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á léamh, trí úsáid a bhaint as foirm theagmhála an tsuímh trína sonrú go mbaineann an cheist le ‘próiseáil mo chuid sonraí pearsanta ag Cúirt Bhreithiúnais AE’.

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Is é an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí an t-údarás neamhspleách maoirseachta le haghaidh institiúidí uile an Aontais Eorpaigh, cé is moite de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus a cúraimí breithiúnacha á bhfeidhmiú aici. Is féidir gearán a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar  Chosaint Sonraí má mheasann tú nach bhfuil Rialachán (AE) 2018/1725 á chomhlíonadh agus do shonraí pearsanta á bpróiseáil.