| Couleur Chapitre | Midnight |
| Image Chapitre |
|
| Titre d'image Chapitre (infobulle) | |
| Texte alternatif d'image Chapitre | |
| Contenu |
Ós rud é go gclúdaítear le dlí an Aontais réimsí fairsinge éagsúla, ní hannamh go mbíonn ar an gCúirt tabhairt faoi cheisteanna maidir leis an tsochaí nó an tsláinte. Go háirithe, bhí an dá cheist seo le freagairt ag an gCúirt: an féidir le páirtnéir saoil comhghnéis a bheith i dteideal pinsean baintrí fir agus an féidir le saoránaigh an Aontais cóir leighis a fháil i mBallstát nach é a mBallstát féin? Chomh fada siar le 1998, chinn an Chúirt gur féidir le saoránaigh an Aontais cóir leighis a fháil i mBallstát nach é a mBallstát féin agus aisíocaíocht a fháil i gcomhréir le rátaí an Bhallstáit ina bhfuil siad faoi árachas (an Stát ina bhfuil siad cláraithe leis an gciste árachais sláinte). D’eascair an prionsabal sin ón bhfíric gur dhiúltaigh an ciste árachais sláinte Lucsamburgach do bheirt náisiúnach de chuid Lucsamburg aisíocaíocht i leith péire spéaclaí a ceannaíodh sa Bheilg agus cóireáil ortadóntaice sa Ghearmáin faoi seach (breithiúnais an 28 Aibreán 1998, Decker, C-120/95 agus Kohll, C-158/96). Maidir le cóir leighis san ospidéal arna tabhairt i mBallstát eile, cé go bhfuil sí faoi réir údarú roimh ré ón mBallstát ina bhfuil an t-othar faoi árachas, ní féidir diúltú don údarú go treallach. Go háirithe, is féidir le duine dul faoi scian i mBallstát eile más rud é go sáraíonn an tréimhse feithimh i leith na hobráide ina Stát féin tréimhse inghlactha, i bhfianaise a shláinte (breithiúnas an 12 Iúil 2001, Smits agus Peerbooms, C-157/99 agus breithiúnas an 16 Bealtaine 2006, Watts, C-372/04). In 2008, chinn an Chúirt gur idirdhealú díreach ar bhonn gnéaschlaonadh a bhí i ndiúltú chun pinsean baintrí fir a thabhairt do pháirtnéir saoil homaighnéasach a mhéid atá an páirtnéir saoil atá fós beo i staid inchomparáide le staid céile atá fós beo. Sa chás faoi thrácht, dhiúltaigh scéim pinsin ceirde Ghearmánach pinsean baintrí fir a thabhairt d’fhear a bhfuair a pháirtnéir saoil cláraithe bás (breithiúnas an 1 Aibreán 2008, Maruko, C-267/06). |
| Document |