| Couleur Chapitre | Orange |
| Image Chapitre |
|
| Titre d'image Chapitre (infobulle) | |
| Texte alternatif d'image Chapitre | |
| Contenu |
Mar is amhlaidh i gcás moilleanna, tháinig cásanna áirithe oscomhair na Cúirte inar iarradh uirthi a chinneadh ar cuireadh an eitilt ar ceal nó ar dhiúltaigh an aerlíne bordáil ar phaisinéir go héagórach. I gcás nár shroich an t-eitleán a cheann scríbe agus ina raibh air filleadh ar an aerfort imeachta gan na paisinéirí a bheith in ann an eitilt sin a fháil arís, chinn an Chúirt gur cheart an eitilt sin a mheas mar a bheith curtha ar ceal, fiú má cuireadh na paisinéirí ar mhalairt slí chuig a gceann scríbe ar eitilt eile. Ós rud é go meastar an chéad eitilt mar a bheith curtha ar ceal, is féidir le paisinéirí cúiteamh a éileamh i gcásanna mar sin (breithiúnas an 13 Deireadh Fómhair 2011, Sousa Rodríguez e. a., C-83/10). |
| Document |