| Couleur Chapitre | Metallic Seawed |
| Image Chapitre |
|
| Titre d'image Chapitre (infobulle) | |
| Texte alternatif d'image Chapitre | |
| Contenu |
Bhí an deis ag an gCúirt roinnt uaireanta soiléiriú a thabhairt ar na rialacha nach mór do dhaoine atá ag díol aerthaistil a chomhlíonadh nuair a chuireann siad tairiscint ar fáil ar a suíomhanna gréasáin. In 2012, rialaigh an Chúirt nach bhfuil an ceart ag daoine atá ag díol aerthaistil chun árachas i leith “eitilt a chur ar ceal” a chur le praghas an ticéid mar réamhshocrú. Is táille bhreise roghnach é árachas den chineál sin a chaithfear, faoin rialachán ó 2008 maidir le feidhmiú aersheirbhísí, a chur in iúl go soiléir ag tús an phróisis áirithinte agus is ar bhonn “rogha a bheith páirteach” a chaithfidh an custaiméir glacadh leis (breithiúnas an 19 Iúil 2012, ebookers.com Deutschland, C-112/11). Foráiltear leis an rialachán céanna sin ó 2008 freisin nach mór an praghas iomlán atá le híoc a bheith curtha in iúl an t-am ar fad. Tháinig an Chúirt ar an gconclúid mar sin nach mór an praghas deiridh atá le híoc a bheith curtha in iúl i gcomhair gach seirbhís arna tairscint, lena n-áirítear an chéad uair a chuirtear an praghas in iúl. Is é is cuspóir don cheanglas seo go háirithe custaiméirí a chur ar a gcumas chun comparáid éifeachtach a dhéanamh idir praghas na n-aersheirbhísí a chuireann aeriompróirí éagsúla ar fáil (breithiúnas an 15 Eanáir 2015, Air Berlin, C-573/13). |
| Document |