Couleur Chapitre | Maximum Green |
Image Chapitre |
![]() |
Contenu |
An breithiúnas in Kohll: ní gá aon réamhúdarú a fháil le haghaidh cúram sceidealta d’othair sheachtracha i mBallstát eile In 1994, theastaigh ón Uasal Kohll, náisiúnach de Lucsamburg, go bhfaigheadh a iníon mhionaoiseach cóireáil ó ortadóntóir a bhí bunaithe sa Ghearmáin agus d’iarr sé an t-údarú ábhartha ar chiste árachais sláinte Lucsamburg. Dhiúltaigh an ciste sin an t-údarú ar an bhforas nach raibh an chóireáil práinneach agus go bhféadfaí í a sholáthar i Lucsamburg. Agus é ag seasamh ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar (agus ní ar Rialachán Uimh. 1408/71), bhí an tUasal Kohll den tuairim go raibh sé de cheart aige cóireáil a lorg dá iníon sa Ghearmáin gan réamhúdarú agus aisíocaíocht na gcostas sin a éileamh óna chiste árachais sláinte, ní de réir tharaifí na tíre cóireála (an Ghearmáin), ach de réir na dtaraifí don chineál cóireála sin ina thír chónaithe (Lucsamburg). Chinn an Chúirt Bhreithiúnais gur cheart go measfaí gurb ionann cóireáil atá á soláthar ag gairmí cúraim shláinte agus seirbhís. Sna himthosca sin, má chuirtear íocaíocht as cúram sceidealta d’othair sheachtracha ag na taraifí a chuirtear i bhfeidhm i dtír an othair faoi réir údarú roimh ré, is ionann sin agus bac a chur ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, a mhéid atá sé mar thoradh ag an údarú sin go gcuirtear drogall ar dhaoine árachaithe dul chuig soláthraithe seirbhísí leighis atá bunaithe i mBallstáit eile. Ina theannta sin, thug an Chúirt faoi deara nach bhfuil údar maith le rialacha den chineál sin, mar gheall ar an riosca go ndéanfaí lagú tromchúiseach ar inbhuanaitheacht an chórais slándála sóisialta nó ar fhorais sláinte poiblí (28 Aibreán 1998, Kohll, C-158/96). An breithiúnas in Decker: ní gá aon réamhúdarú a fháil chun táirgí leighis nó feistí leighis a cheannach ar oideas i mBallstát eile Féadfaidh othar oideas a fháil ó dhochtúir atá bunaithe i mBallstát amháin le haghaidh táirgí íocshláinte nó feistí leighis agus cinneadh a dhéanamh na táirgí sin a cheannach i gcógaslann atá lonnaithe i mBallstát eile (trí dhul ann go pearsanta nó trí ordú poist). Is amhlaidh an scéal a bhí ag an Uasal Decker, a cheannaigh péire spéaclaí dó féin sa Bheilg in 1992, ar oideas ó oftailmeolaí a bhí bunaithe i Lucsamburg. Dhiúltaigh ciste árachais sláinte Lucsamburg aisíocaíocht a dhéanamh as na spéaclaí sin ar an bhforas go ndearnadh an ceannach thar lear gan réamhúdarú. Chinn an Chúirt Bhreithiúnais gurb ionann diúltú d’aisíoc táirgí leighis a ceannaíodh gan réamhúdarú i mBallstát eile agus bacainn gan údar ar an tsaorghluaiseacht earraí, a mhéid nach bhfuil údar le ceanglas den sórt sin ar fhorais na sláinte poiblí lena n-áiritheofaí ardchaighdeán na dtáirgí leighis a sholáthraítear i mBallstáit eile. Ó shin i leith, is féidir le hothair a bhfeistí leighis nó a dtáirgí leighis a cheannach i mBallstát eile gan réamhúdarú agus aisíocaíocht a éileamh óna gciste árachais sláinte de réir na dtaraifí atá i bhfeidhm ina dtír féin (28 Aibreán 1998, Decker, C-120/95). |
Document |