Is féidir teacht ar an leabharlann ón Áiléir ag leibhéal an dá Thúr.
Is féidir le daoine nach n-oibríonn in institiúidí an Aontais ach a léiríonn go bhfuil leas bailí ann dóibh (taighdeoirí agus ollúna ollscoile, dlíodóirí etc.) rochtain a fháil ar an leabharlann le húdarú roimh ré. Mar sin, ní mór do dhaoine ar mhaith leo an leabharlann a úsáid dul i dteagmháil le Information Desk na leabharlainne, ag baint úsáide, más féidir, as an bhfoirm theagmhála. Ní cheadaítear isteach mic léinn nach bhfuil críochnaithe lena staidéar ollscoile go fóill.
Breis eolais: - Eolas maidir le cosaint sonraí
Is féidir le daoine le húdarú saothair a scrúdú sa seomra léitheoireachta, áit a bhfuil na bailiúcháin a bhaineann le dlí an Aontais, dlí idirnáisiúnta agus dlíthe Bhallstát an Aontais Eorpaigh ar fáil. Is féidir gach saothar eile atá i mbailiúchán na leabharlainne a lorg tríd an Information Desk. Is féidir le húsáideoirí seachtracha fótachóipeanna a dhéanamh, ar mhuirear a íoc.
Ní cheadaítear iasachtaí ach laistigh den institiúid.
Uaireanta oscailte
Luan go Déardaoin: 9:00a.m. - 6:30p.m.
Aoine: 9:00a.m. - 5:00p.m.
(uaireanta oscailte laghdaithe le linn na saoire breithiúna)
Sonraí teagmhála
Teileafóin lasc-chláir: (+352) 4303 1
Seirbhís eolais: (+352) 4303 2681
Facs: (+352) 4303 2424
Foirm theagmhála
Seoladh phoist
An Leabharlann
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
L-2925 Lucsamburg