Saoraistritheoirí
An tSeirbhís AistriúcháinDéanann seirbhís aistriúcháin dhlíthiúil na hinstitiúide, ina a bhfuil 600 dlíodóir, doiciméid bhreithiúnacha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a aistriú. Cinntíonn an tseirbhís, mar sin, reáchtáil réidh nósanna imeachta agus scaipeadh ilteangach an chásdlí, rud a thugann rochtain do shaoránaigh uile an Aontais ar cheartas agus cásdlí na hEorpa, beag beann ar a dteanga. Déanann an tseirbhís réimse leathan téacsanna dlí a aistriú agus iad éagsúil de réir roinnt gnéithe: nádúr an cháis, an t-ábhar, an cineál doiciméid (doiciméid nós imeachta, Tuairimí Abhcóidí Ginearálta, breithiúnais, orduithe), teanga, stíl, fad, cultúr dlíthiúil an údair, etc. Ag obair don ChúirtTá beagnach trian de na téacsanna aistrithe ag comhoibrithe seachtracha (saoraistritheoirí). Is daoine nádúrtha nó dlíthiúla iad seo ar chuir an institiúid conradh i gcrích leo, bunaithe ar na rialacha rúndachta is déine, agus a bhfuil dlúthchaidreamh oibre aici leo. Cé go bhfuil cuspóirí cáilíochta aistriúcháin an-ard, baineann saoraistritheoirí tairbhe as tacaíocht agus cúnamh sheirbhís aistriúcháin na Cúirte chun é sin a bhaint amach. Socruithe solúbtha oibreTá na saoraistritheoirí saor chun a n-áit oibre a roghnú, ós rud é go ndéanann siad a gcuid oibre ó chian (tríd an teileafón, ríomhphost agus ardáin éagsúla Idirlín a úsáid). Ina theannta sin, is féidir le saoraistritheoirí glacadh leis an méid aistriúcháin a oireann dóibh, ag brath ar na spriocdhátaí éagsúla. Mar sin, is féidir an cineál comhoibrithe seo a dhéanamh mar ghníomhaíocht chomhlántach, go háirithe ag gairmithe dlí. Nós imeachta roghnúcháinRoghnaítear saoraistritheoirí trí fhógraí conartha a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tá na fógraí conartha seo, a chlúdaíonn líon mór teaglamaí teanga, buan agus oscailte, i.e. ceadaíonn siad rannpháirtíocht conraitheoirí nua tráth ar bith. Síníonn na daoine a roghnaítear ar bhonn tástálacha aistriúcháin – a dhéantar ó chian –creatchonradh leis an gCúirt. Margadh oscailte agus iomaíocht leanúnachCuirfear conraitheoirí san áireamh i liosta a bhfuil ord an aicmithe bunaithe ar chaighdeán an aistriúcháin, arna mheasúnú le linn na dtástálacha, agus ar iomaíochas an phraghais a ghearrann an conraitheoir. Moltar an obair aistriúcháin dóibh go rialta de réir an oird aicmithe seo. Déantar athbhreithniú air seo go tréimhsiúil de réir chaighdeán na seirbhísí a chuirtear ar fáil, rud a cheadaíonn go háirithe tairiscintí nua a bhreithniú.
Is féidir iarratais ar fhaisnéis/rannpháirtíocht a sheoladh chuig: Faisnéis phraiticiúilFéadfaidh aon duine cáilithe ar mian leo aistriúcháin a dhéanamh, mar shaoraistritheoir, do na teaglamaí teanga a léirítear sna fógraí conarthaí iarratas ar rannpháirtíocht a chur isteach. > AN SOLÁTHAR POIBLÍ NUAFógra Conartha 2023
Tá dhá chéim sa soláthar poiblí: Céim 1: na critéir eisiata agus roghnúcháin a fhíorú chun na hiarrthóirí a roghnú a dtabharfaí cuireadh dóibh tairiscintí a chur isteach Sa chéad áit, má tá suim agat sa chonradh seo, iarrtar ort iarratas ar rannpháirtíocht a chur isteach. Céim 2 : creatchonarthaí a dhámhachtain ar bhonn an mheasúnaithe ar thairiscintí a fuarthas ó iarrthóirí ar tugadh cuireadh dóibh tairiscintí a chur isteach Sa dhara háit, ní thabharfar cuireadh ach do na hiarrthóirí a roghnófar sa chéad chéim tairiscint a chur isteach. Diúltófar d’aon tairiscint a gheofar ó dhuine dlítheanach nó nádúrtha nach bhfuair cuireadh tairiscint a chur isteach. Is féidir teacht ar na doiciméid ábhartha, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha go léir le haghaidh gach céime, anseo thíos:
Iarrtar ar iarratasóirí a n-iarratas ar rannpháirtíocht i sprioctheanga an fhógra lena mbaineann a chomhlánú. Ní mór iarratais shínithe ar rannpháirtíocht a sheoladh trí ríomhphost (foirm chlárúcháin shínithe, agus scanta i gceangal leis an ríomhphost) nó tríd an bpost [foirm chlárúcháin shínithe) ag an seoladh a shonraítear i bpointe I.1 den Fhógra Conartha. Ní ghlacfar le naisc chuig spásanna stórála ar líne. Sonraítear an spriocdháta chun iarratais ar rannpháirtíocht a fháil i mír IV.2.2 den Fhógra Conartha. Mar sin féin, ós rud é gur glao buan é an glao ar thairiscintí, tá na conarthaí aistriúcháin dhlíthiúil fós oscailte chun go bhféadfaidh conraitheoirí nua teacht isteach tráth ar bith. Dá bhrí sin, is féidir measúnú a dhéanamh ar iarratais ar rannpháirtíocht a cuireadh isteach tar éis an spriocdháta a luaitear, ar choinníoll nár sroicheadh uaslíon na gconraitheoirí don bheart (teaglaim teanga)..
> SOLÁTHAR POIBLÍ REATHAFógra Conartha 2021
Tá dhá chéim sa soláthar poiblí: Céim 1: na critéir eisiata agus roghnúcháin a fhíorú chun na hiarrthóirí a roghnú a dtabharfaí cuireadh dóibh tairiscintí a chur isteach Sa chéad áit, má tá suim agat sa chonradh seo, iarrtar ort iarratas ar rannpháirtíocht a chur isteach. Céim 2 : creatchonarthaí a dhámhachtain ar bhonn an mheasúnaithe ar thairiscintí a fuarthas ó iarrthóirí ar tugadh cuireadh dóibh tairiscintí a chur isteach Sa dhara háit, ní thabharfar cuireadh ach do na hiarrthóirí a roghnófar sa chéad chéim tairiscint a chur isteach. Diúltófar d’aon tairiscint a gheofar ó dhuine dlítheanach nó nádúrtha nach bhfuair cuireadh tairiscint a chur isteach.Is féidir teacht ar na doiciméid ábhartha, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha go léir le haghaidh gach céim, anseo thíos:
Iarrtar ar iarratasóirí a n-iarratas ar rannpháirtíocht i sprioctheanga an fhógra lena mbaineann a chomhlánú. Ní mór iarratais shínithe ar rannpháirtíocht a sheoladh trí ríomhphost (foirm chlárúcháin shínithe, agus scanta i gceangal leis an ríomhphost) nó tríd an bpost (foirm chlárúcháin shínithe) ag an seoladh a shonraítear i bpointe I.1 den Fhógra Conartha. Ní ghlacfar le naisc chuig spásanna stórála ar líne. Sonraítear an spriocdháta chun iarratais ar rannpháirtíocht a fháil i mír IV.2.2 den Fhógra Conartha. Mar sin féin, ós rud é gur glao buan é an glao ar thairiscintí, tá na conarthaí aistriúcháin dhlíthiúil fós oscailte chun go bhféadfaidh conraitheoirí nua teacht isteach tráth ar bith. Dá bhrí sin, is féidir measúnú a dhéanamh ar iarratais ar rannpháirtíocht a cuireadh isteach tar éis an spriocdháta a luaitear, ar choinníoll nár sroicheadh uaslíon na gconraitheoirí don bheart (teaglaim teanga)..
|