Covid 19 – Faisnéis

[15/03/2022]

Ar an dul céanna le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh, bhí ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a modhanna oibre a oiriúnú ó mhí an Mhárta 2020 i leith, mar gheall ar an ngéarchéim sláinte a tharla de bharr víreas SARS-CoV-2. Toisc nádúr paindéime an víris, bhí ar an gCúirt Bhreithiúnais agus ar an gCúirt Ghinearálta na bearta sláinte is déine a ghlacadh chun sláinte gach duine ar iarradh orthu dul chuig áitreabh na hinstitiúide a chosaint agus chun roinnt coigeartuithe a dhéanamh maidir leis na codanna i scríbhinn agus ó bhéal den nós imeachta, go háirithe chun deis a thabhairt d’ionadaithe na bpáirtithe páirt a ghlacadh sna héisteachtaí trí fhíschomhdháil.

Toisc go bhfuil feabhas tagtha ar chúrsaí, is féidir smaoineamh anois, i gcomhréir leis na cinntí a rinne údaráis Lucsamburg, ar chúrsaí a normalú agus, go háirithe, éisteachtaí pléadálacha a atosú faoi choinníollacha amhail na cinn a bhí i réim roimh thús na géarchéime sláinte. Tá an méid seo a leanas i gceist leis sin, go háirithe:

  • Gur gá an róba a chaitheamh agus cleachtas na gcúirteanna a atosú, ar róbaí a chur ar fáil d'ionadaithe na bpáirtithe nach bhfuil a róbaí féin acu agus ar a n-iarrtar pléadáil a dhéanamh os comhair na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Ginearálta;
  • Cruinnithe a atosú idir gníomhairí agus dlíodóirí le comhaltaí fhoirmíocht na cúirte agus, de réir mar a bheidh, leis an Abhcóide Ginearálta freagrach as an gcás, roimh thús na héisteachta,
  • An gá atá ann le pléadálacha, freagraí ar cheisteanna agus freagraí ó sheasamh a d’fhéadfadh a bheith ann, a dhéanamh ón léachtán agus ní ó na suíochán, agus
  • Deireadh leis an oibleagáid i leith masc a chaitheamh le linn éisteachtaí.

Beidh an deis fós ann páirt a ghlacadh in éisteachtaí trí fhíschomhdháil. Beidh sin fós faoi réir iarratas a thíolacadh ina léireofar go mionsonraithe na cúiseanna a chuireann cosc ​​ar ionadaí an pháirtí lena mbaineann ó pháirt a ghlacadh go fisiciúil san éisteacht agus ar chomhlíonadh na gcoinníollacha teicniúla go léir is gá chun páirt a ghlacadh trí fhíschomhdháil.

Tugtar cuireadh d’ionadaithe na bpáirtithe a bhfuil téacs nó doiciméad tacaíochta i scríbhinn acu mar chuid dá bpléadálacha é sin a chur ar aghaidh ar mhaithe le riachtanais na seirbhísí ateangaireachta roimh meán lae an lá oibre roimh dháta na héisteachta, ag an seoladh seo a leanas: Interpretation@curia.europa.eu.