An Palais

Nuair a tógadh Palais na Cúirte sna 70idí i dtosach, rinneadh athchóiriú ó bhonn uirthi ag tús an dara mílaois agus, ó 2008 amach, is í an taobh poiblí den Chúirt í. Is féidir leis an bpobal freastal ar éisteachtaí de chuid na Cúirte Breithiúnas istigh ann.

As cruach agus gloine a tógadh í, rud a thugann bunús na hInstitiúide mar institiúid bhreithiúnach an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach le fios go caolchúiseach. Áirítear cúig sheomra cúirte léi ar leibhéil éagsúla, le spásanna móra rompu atá comhfhreagrach dá chéile agus atá mar spásanna tionóil. Is í an Palais an áit a mbíonn díospóireachtaí ó bhéal agus díospóireachtaí contrárthacha ar siúl idir na páirtithe i gcás agus ina dtugtar Breithiúnais agus ina léitear Tuairimí na nAbhcóidí Ginearálta.