Áras Thémis

Iníon le hÚránas agus Gáia, ar comharthaí faoi seach iad don spéir agus don domhain, meastar Thémis mar chosantóir na Cirte sa mhiotaseolaíocht Ghréagach. Ina bean chéile agus ina comhairleoir ag Séas, suíonn ar taobh a láimhe deise agus cuidíonn sí leis an dlíchóras seasta a chaomhnú. Is fáithchiall í Thémis don cheartas dosheachanta, agus is coitianta a léirítear í lena tréithe aitheanta, an mheá agus an claíomh, agus púicín uirthi uaireanta, mar chomhartha neamhchlaontachta. Tá an mheá ina siombail ar an gcóras sóisialta, an chothromaíocht agus an tsíth, atá mar chodarsnacht leis an gclaíomh, a léiríonn an daorbhreith agus údarás an dlí, ar féidir pionós a ghearradh ar gach páirtí a bhuí dá lann dhá bhéal, a chuidíonn lena gcuid cinntí a fhorghníomhú. Tá Thémis, ar an mbonn sin, tar éis iompú ina samhail uile-aitheanta don Cheart. 

Roghnaíodh ainm Thémis mar athfhéachaint ar chinneadh chéad Chomhaltaí na Cúirte, a tharraing ar fhoinse chomhchoiteann a gcuid traidisiún cultúrtha agus a roghnaigh, in 1952, meá agus claíomh Thémis a chur ar shuaitheantas Údarás Dlíthiúil an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Chruach. 

Osclaíodh an foirgneamh seo in 1994, mar thriú céim agus céim dheireanach sa chéad sraith de shíntí a cuireadh leis an Palais. Murab ionann agus an dá shíneadh eile, ní raibh aon ainm ar an gceann seo ar dtús agus caitheadh breis is 25 bliain le “Fortheach C” mar ainm air, roimh gur dtugadh “Thémis” air in 2022.

Leis an gcruth ciúbach atá ar an bhfoirgneamh seo, comhlánaítear líne na bhfoirgneamh a tógadh ar chúl an Palais agus léirítear rotonde leathchiorclach ar an aghaidh ó dheas de, áit ina bhfuil an seomra plé taobh thiar de Mhórsheomra na Cúirte Ginearálta. Ar nós árais Erasmus agus Thomas More, tá aghaidh an fhoirgnimh déanta as eibhir le struchtúr alúmanaim gloinithe, agus coilíneacht d’eibhir bándearg mar bharr maise air.

I dteannta le Mórsheomra éisteachta na Cúirte Ginearálta, tá an foirgneamh seo mar shuíomh do Bhreithiúna na Cúirte Ginearálta agus a gcuid oifigí.