Stair na bhfoirgneamh
In 1952, tráth a bhí ceist maidir le Liège nó an Bhruiséil a bheith mar shuíomh d’institiúidí CEGC, roghnaíodh cathair Lucsamburg ar deireadh ar bhonn sealadach. Maidir leis an gCúirt, tháinig an rogha sin chun bheith cinntitheach ag Comhairle Dhún Éideann in 1992, áit ar cinneadh suíocháin na nInstitiúidí go cinntitheach. In 1952, chuir Rialtas Lucsamburg Villa Vauban ar fáil don Chúirt, atá lonnaithe i lár pháirc na cathrach i Lucsamburg, chomh maith le dhá fhoirgneamh eile chun freastal ar na 57 mball foirne. Sa bhliain 1959, mhol Rialtas Lucsamburg foirgneamh don Chúirt, faoi úinéireacht Easpag Lucsamburg, a bhí suite in Côte d’Eich, a bhí mór go leor chun freastal ar a cuid seirbhísí ar fad. Mar sin féin, mar gheall ar an méadú ar fhoireann, rud a bhí i gcoiteann d’Institiúidí uile an Chomhphobail, go háirithe i dtaca leis an gcéad mhéadú ar na Comhphobail Eorpacha a bhí sceidealta do 1973, rinne Lucsamburg uasghrádú ar ardchlár Kirchberg d’fhonn freastal ar na hinstitiúidí go léir in aon áit amháin. Is ar an ardchlár sin a togadh foirgnimh bhuana na Cúirte. In 1972, le 223 dhuine, bhog an Chúirt isteach sa Palais, arna tógáil ag rialtas Lucsamburg go háirithe don Chúirt ar ardchlár Kirchberg. Insealbhaíodh an Palais, a dhear na hailtirí Beilgeacha Jamagne agus Vander Elst agus ailtire Lucsamburgach Conzemius an 9 Eanáir 1973, rud a thug áitreabh oiriúnach le haghaidh oibre do Chomhaltaí na Cúirte agus dá foireann. Bhí an méadú ar fhoireann na hInstitiúide, ó 1979, ina chúis le sáithiú an áitribh dá cuid. Chun déileáil leis sin, b’éigean oifigí a fháil ar cíos i bhfoirgnimh na n-institiúidí Eorpacha eile. Fós féin, tháinig méadú breise ar riachtanais na Cúirte le haontachas na Gréige (1981), na Spáinne, na Portaingéile (1986), na hOstaire, na Fionlainne agus na Sualainne (1995), agus nuair a bunaíodh an Chúirt Chéadchéime (1989). Tháinig méadú ar líon na foirne ó 626 sa bhliain 1988 go 837 sa bhliain 1994. Ar an gcúis sin, tógadh trí fhotheach a ghabhann leis an Palais, a dhear ailtirí Lucsamburgacha Fritsch, Herr agus Huyberechts, chomh maith le hailtire na hIodáile Paczowski, idir 1985 agus 1994 : áras Erasmus, (a osclaíodh an 5 Deireadh Fómhair 1988), áras Thomas More (a osclaíodh an 12 Feabhra 1993) agus áras Thémis (a osclaíodh an 15 Meán Fómhair 1994). Bhí aispeist sa Palais, agus mar sin fágadh í in 1999. Arís, bhí ar an gCúirt foirgnimh eile a úsáid chun freastal ar an bhfoireann go léir, go háirithe i bhfoirgneamh réamhdhéanta do riachtanais na seirbhísí teanga a thugtar “Foirgneamh T” air (ó 1999 go 2019). Agus obair ar bun ag an Palais leis an aispeist a bhaint as, agus ag féachaint do na riachtanais ag teacht leis an méadú mór a bhí beartaithe do 2004, sheol an Chúirt agus rialtas Lucsamburg tionscadal tógála uaillmhianach. Tharla an tionscadal nua sin i gcomhthráth le hathrú ar bheartas an Aontais i leith a chuid foirgneamh. Go dtí sin, chuir an tír óstach na foirgnimh ar fáil, eadhon údaráis Lucsamburg i gcás na Cúirte. Cosúil leis na hInstitiúidí eile, meastar go bhfaighidh an Chúirt úinéireacht ar a háitribh go léir. Tá gealltanas tugtha ag an gCúirt, dá bhrí sin, go mbeidh sí ina húinéir ar a foirgnimh trína gceannach ar léas. Arna iarraidh sin d’údaráis Lucsamburg, dhréachtaigh an t-ailtire Francach Dominique Perrault tionscadal a bhí dírithe ar Palais athchóirithe agus limistéar a bheadh ar oscailt don phobal ina bhfuil na seomraí cúirte suiteáilte anois. Thart timpeall air sin, tógadh “anneau” dronuilleogach, curtha in áirithe d’oifigí Chomhaltaí na Cúirte Breithiúnais, dhá thúr do sheirbhísí na hInstitiúide agus Gailearaí atá mar nasc idir foirgnimh uile an choimpléasc. Cuireadh tús le hobair tógála ar an tionscadal sin ag deireadh 2003. An 1 Bealtaine 2004, tháinig deich mBallstát nua isteach san Aontas Eorpach. Agus foireann ag teacht ón 10 mBallstát sin, bhí gá le socrú lóistíochta nua: arís, fuarthas foirgneamh eile ar cíos go sealadach lasmuigh den choimpléasc agus cuireadh síneadh leis an bhfoirgneamh T (“T 2”) chun freastal ar dhlítheangeolaithe ó na Ballstáit nua. Críochnaíodh athchóiriú an Palais agus tógáil an Anneau, an Ghailearaí agus an dá thúr ag deireadh 2008 agus osclaíodh iad an 4 Nollaig den bhliain chéanna. Cuireadh leis an dromchla, mar sin, ó 85 000 m² go thart ar 200 000 m², mhéadaigh líon na seomraí cúirte ó 5 go 11 agus tháinig méadú ar líon na n-oifigí ó 1 000 go 2 200. Toisc na foirgneamh sin a bheith oscailte, bhí an Chúirt in ann athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh Erasmus, Thomas More agus Thémi sular áitíodh arís iad ó 2013. Idir an dá linn, mar thoradh ar mhéadú an Aontais Eorpaigh chun an Rómáin, an Bhulgáir (2007) agus an Chróit (2013) a chur san áireamh, cuireadh le gníomhaíocht bhreithiúnach na Cúirte, agus le líon na gcomhaltaí agus na foirne (trí Abhcóidí Ginearálta breise sa Chúirt Bhreithiúnais (2015) agus, de réir a chéile ó 2016, dhá oiread líon chomhaltaí na Cúirte Ginearálta). D’fhonn déileáil leis an méadú sin, cuireadh tús le hoibreacha tógála don tríú túr in Earrach 2016. Le 29 urlár agus 118 méadar ar airde ann, is é Túr Rocca an foirgneamh is airde i Lucsamburg. Le hinsealbhú Túr Rocca i mí Mheán Fómhair 2019, tá seirbhísí uile na Cúirte lonnaithe in aon choimpléasc tógála amháin. |