Caingean arna tabhairt an 16 Aibreán 2024 – Skechers USA v EUIPO (JUST STEP IN)
(Cás T-205/24)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Skechers USA, Inc. II (Manhattan Beach, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: J. Bogatz, Y. Stone agus J. Feigl, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘JUST STEP IN’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 837 583
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 27 Feabhra 2024 i gCás R 2200/2023-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar phrionsabal an chomhionannais mar a leagtar síos in Airteagal 20 i gcomhar le hAirteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’);
Sárú ar an gceart chun dea-riaracháin mar a leagtar síos in Airteagal 41(1) den Chairt.
____________