Caingean arna tabhairt an 19 Aibreán 2024 – the airscreen company v EUIPO – Moviescreens Rental (AIRSCREEN)
(Cás T-210/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: the airscreen company GmbH & Co. KG (Münster, an Ghearmáin) (ionadaithe: O. Spieker, D. Mienert, J. Selbmann agus K. Uzman, Rechtsanwälte)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Moviescreens Rental GmbH (Damme, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc an Aontais Eorpaigh “AIRSCREEN” – Trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 3 244 662
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 19 Feabhra 2024 i gCás R 1809/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 3 244 662 a chúlghairm;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________