Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel București (an Rómáin) a taisceadh an 19 Eanáir 2024 – DADA Music SRL, Uniunea Producătorilor de Fonograme din România (UPFR) v Asociația Radiourilor Locale și Regionale (ARLR)

(Cás C-37/24, DADA Music agus UPFR)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel București

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir/Cosantóir: DADA Music SRL

Freagróir/Iarratasíor: Uniunea Producătorilor de Fonograme din România (UPFR)

Idiragraí ag an gcéad chéim agus freagróir: Asociația Radiourilor Locale și Regionale (ARLR)

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 8(2) de Threoir 2006/115/CE1 agus an dara fomhír d’Airteagal 16(2) de Threoir 2014/26/AE,2 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 17 agus Airteagal 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi seo a leanas:

go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta nach ráthaítear leis luach saothair cothrom (ráta comhréidh) do shealbhóirí cirt (táirgeoirí fónagram) a ndéanann eagraíochtaí comhbhainistíochta ionadaíocht orthu, beag beann ar an ioncam a fhaigheann na heagraíochtaí craoltóireachta nó ar na costais a thabhaíonn siad?

Má tá freagra diúltach ar an gcéad cheist, an gcuirtear cosc leis na hairteagail sin ar reachtaíocht náisiúnta lena mbaintear, le héifeacht láithreach, luach saothair íosta (ráta comhréidh) arna bunú trí bhíthin modheolaíocht a caibidlíodh roimhe sin idir an eagraíocht chomhbhainistíochta agus na húsáideoirí, gan na critéir maidir le ríomh an luacha saothair a athrú agus gan foráil a dhéanamh d’uastréimhse chun comhaontuithe nua (modheolaíochtaí) a chaibidliú chun luach saothair cóir a chainníochtú?

Má tá freagra diúltach ar an gcéad dá cheist, an bhfuil an chúirt náisiúnta i dteideal a fháil amach, agus, i gcás inarb iomchuí, an bhfuil sé d’oibleagáid uirthi a fháil amach an bhfuil an luach saothair arna ríomh i ndáil leis an ioncam iarbhír a dhearbhaigh na heagraíochtaí craoltóireachta cothrom agus réasúnach do shealbhóirí cirt, ar thaobh amháin, agus d’úsáideoirí, ar an taobh eile, nó, ar a mhalairt, an bhfuil siad neamhshuntasach go follasach nó, de réir mar a bheidh, an bhfuil siad iomarcach go follasach, agus cad iad na critéir a fhéadfar a úsáid chun críocha measúnú den sórt sin?

4)    Má tá freagra dearfach ar an tríú ceist, má chinneann an chúirt náisiúnta go bhfuil an luach saothair atá dlite faoin modheolaíocht arna leasú leis an reachtaíocht náisiúnta nua diomaibhseach, an bhfuil an chúirt sin i dteideal nó faoi oibleagáid critéir mhalartacha a chur i bhfeidhm seachas an t-ioncam a dearbhaíodh – amhail, mar shampla, an luach saothair a chinneadh ar bhonn na gcostas arna dtabhú ag craoltóirí as gníomhaíochtaí craolacháin, an luach saothair a íocann craoltóirí comhchosúla, nó critéir eile dá samhail – chun a áirithiú go bhfaighidh sealbhóirí cirt luach saothair leordhóthanach, gan dochar do leasanna dlisteanacha úsáideoirí, is é sin le rá, gan a bheith neamhshuntasach, ach gan ualach rómhór a bheith ag baint leis d’eagraíochtaí craoltóireachta?

____________

1 Treoir 2006/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an gceart cíosa agus an gceart iasachta agus maidir le cearta áirithe a bhaineann le cóipcheart i réimse na maoine intleachtúla (leagan códaithe) (IO 2006 L 376, lch. 28, Eagrán Speisialta 17, Imleabhar 3, lch. 14).

1 Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhbhainistiú ar chóipcheart agus cearta gaolmhara agus ar cheadúnú ilchríochach ceart i saothair cheoil d’úsáid ar líne sa mhargadh inmheánach (IO 2014 L 84, lch. 72).