Iarraidh ar réamhrialú ón Svea hovrätt, Patent- och marknadsöverdomstolen (an tSualainn) a taisceadh an 15 Meitheamh 2023 — Guldbrev AB v Konsumentombudsmannen
(Cás C-379/23, Guldbrev)
Teanga an cháis: an tSualainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Svea hovrätt, Patent- och marknadsöverdomstolen
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Guldbrev AB
Cosantóir: Konsumentombudsmannen
Na ceisteanna a tharchuirtear:
An ionann luacháil agus ceannach óir ó thomhaltóirí agus táirge (táirge comhcheangailte) de réir bhrí Airteagal 2(c), (d) agus (i) agus Airteagal 3(1) de Threoir 2005/29 1 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach i gcás amhail an cás atá i gceist os comhair na cúirte náisiúnta?
Má thugtar freagra diúltach ar Cheist 1, an ionann luacháil óir sa chás atá i gceist os comhair na cúirte náisiúnta agus táirge de réir bhrí na treorach?
____________
1 IO 2005 L 149, lch. 22.