Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Gerechtshof Amsterdam (an Ísiltír) arna taisceadh an 16 Feabhra 2022 – X BV, Inspecteur van de Belastingdienst/Douane

(Cás C-107/22)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Gerechtshof Amsterdam

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: X BV, Inspecteur van de Belastingdienst/Douane

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear riail léiriúcháin ghinearálta 2(a) 1 a léirmhíniú sa chaoi is go bhfuil feidhm aici maidir le comhpháirteanna de ghlacadóir satailíte atá beartaithe, tar éis iad a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta, le bheith curtha le chéile i nglacadóir satailíte iomlán, ar comhpháirteanna iad a iompraítear i gcoimeádán amháin agus a dhearbhaíonn an t-aon dearbhóir amháin, ar an lá céanna, ag an bpost custaim céanna, ina ainm féin agus ar a son féin, le scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta in dá dhearbhú ar leithligh agus atá faoi úinéireacht ag dhá ghnóthas ghaolmhara tráth a chuirtear i saorchúrsaíocht iad?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1, an gcaithfear riail léiriúcháin ghinearálta 2(a) a léirmhíniú, mar sin, sa chiall is go bhfuil feidhm aici freisin maidir leis na comhpháirteanna ar leithligh de ghlacadóir satailíte a dhearbhaíonn an t-aon dearbhóir amháin le scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta, ina ainm féin agus ar a son féin, ar an lá céanna agus ag an bpost custaim céanna ag a gcuireann sé na comhpháirteanna eile don ghlacadóir satailíte sin faoi nós imeachta idirthurais seachtrach an Chomhphobail, nuair is leis an dá ghnóthas ghaolmhara na comhpháirteanna tráth a dhéantar na dearbhuithe agus atá sé beartaithe go ndéanfar na comhpháirteanna go léir, tar éis iad a chur i saorchúrsaíocht, a chur le chéile i nglacadóir satailíte iomlán?

____________

1 Iarscríbhinn I de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO 1987 L 256, lch. 1).