Language of document :

Caingean arna tabhairt an 31 Eanáir 2024 – Stratio Big Data v EUIPO – Stra (stratio)

(Cás T-49/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Stratio Big Data Inc. (Dover, Delaware, Stáit Aontaithe Mhéiriceá) (ionadaí: J.-B. Devaureix, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Stra SA (Coimbra, an Phortaingéil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc an Aontais Eorpaigh ‘stratio’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 13 223 045

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 20 Samhain 2023 i gCás R 999/2022-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus, más iomchuí, don idiragraí, na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

– Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Sárú ar Airteagal 94 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________