Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ghinearálta an 15 Aibreán 2024 – Japan Tobacco v EUIPO – Dunhill Tobacco of London (FLOW FILTER)

(Cás T-20/23) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Trádmharc fíortha den Aontais Eorpaigh FLOW FILTER – Dearbhfhorais le diúltú – Saintréith – Easpa tuairisciúlacht – Easpa gnáthcháilíochta – Airteagal 7(1)(b), (c) agus (d) den Rialachán (AE) 2017/1001 - Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Japan Tobacco, Inc. (Tóiceo, an tSeapáin) (Ionadaithe : J. L. Gracia Albero agus E. Cebollero González, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Gája, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Dunhill Tobacco of London Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (Ionadaithe: I. Fowler, I. Junkar agus B. Worbes, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 25 Deireadh Fómhair 2022 (Cás R 1774/2021-5) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Díbhtear an chaingean.

Ordaítear do Japan Tobacco, Inc. a chostais féin agus na costais a thabhaigh Dunhill Tobacco of London Ltd. a íoc.

Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.

____________

1 IO C 83, 6.3.2023.