Iarraidh ar réamhrialú ó Retten i Svendborg (an Danmhairg) a taisceadh an 4 Eanáir 2024 – Deutsche Rentenversicherung Nord, BG Verkehr v Gjensidige Forsikring, dansk filial af Gjensidige Forsikring ASA, Norge for Marius Pedersen A/S and Gjensidige Forsikring, dansk filial af Gjensidige Forsikring ASA, Norge
(Cás C-7/24, Deutsche Rentenversicherung Nord agus BG Verkehr)
Teanga an cháis: an Danmhairgis
An chúirt a rinne an tarchur
Retten i Svendborg
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Deutsche Rentenversicherung Nord agus BG Verkehr
Cosantóir: Gjensidige Forsikring, dansk filial af Gjensidige Forsikring ASA, Norge for Marius Pedersen A/S agus Gjensidige Forsikring, dansk filial af Gjensidige Forsikring ASA, Norge
An cheist a tharchuirtear
Maidir le hAirteagal 85(1) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 1 ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta, an bhfuil léiriú le déanamh amhail, chun go mbeidh ceart cúitimh faoin bhforáil sin ag an institiúid faoi oibleagáid, nach mór bonn dleathach a bheith sa Bhallstát inar tharla an díobháil do na cineálacha damáistí nó cúitimh a n-éilítear ceart cúitimh ina leith, nó sochar coibhéiseach, mar thoradh ar an teagmhas a bhfuil an páirtí atá freagrach as an díobháil faoi dhliteanas damáistí ina leith faoi dhlí na háite inar tharla an díobháil?
____________
1 IO 2004 L 166, lch. 1.