Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Feabhra 2024 – L’Oréal v EUIPO – Samar’t Pharma (BI blue pigment)
(Cás T-180/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid Aontais Eorpaigh ‘BI blue pigment’ –Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe ‘Bi.cell’ – Forais choibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)1(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: L’Oréal (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: T. de Haan agus S. Vandezande, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: M. Eberl, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Samar’t Pharma, SL (Vilamalla, an Spáinn)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 17 Eanáir 2023 (Cás R 1102/2022-4) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do L’Oréal agus d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.
____________
1 IO C 179, 22.5.2023.