Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Minden (an Ghearmáin) arna taisceadh an 1 Márta 2023 - N. A. K., E. A. K., Y. A. K. v Bundesrepublik Deutschland
(Cás C-123/23, Khan Yunis 1 )
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Verwaltungsgericht Minden
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: N. A. K., E. A. K., Y. A. K.
Cosantóir: Bundesrepublik Deutschland
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 33(2)(d) de Threoir 2013/32/AE1 , arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(q) den Treoir sin, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht Bhallstáit faoina bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh sa Bhallstát sin le diúltú toisc é a bheith do-ghlactha más rud é gur dhiúltaigh Ballstát eile go cinntitheach d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a taisceadh roimhe sin sa Bhallstát eile sin toisc é a bheith gan bhunús?
____________
1 Tugtar ainm bréige sa chás seo, nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna príomhimeachtaí.
1 Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (athmhúnlú) (IO 2013 L 180, lch. 60).