Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2024 – Usmanov v an Chomhairle

(Cás T-237/22) 1

(Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo cistí – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí arna gcumhdach ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha – Srianta ar ligean isteach i gcríoch na mBallstát – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir srianta ar ligean isteach i gcríoch na mBallstát – Clárú agus coinneáil ainm an iarratasóra ar na liostaí – An coincheap ‘tacaigh le gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine’ – Airteagal 2(1)(a) de Chinneadh 2014/145/CBES – Airteagal 3(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 – Dlínse na Cúirte Ginearálta – Dualgas cúiseanna a lua – Earráid mheasúnaithe – Cearta na cosanta – Ceart maoine agus saoirse fiontraíochta – Saoirse gluaiseachta)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Alisher Usmanov (Tashkent, an Úisbéiceastáin) (ionadaithe: J. Grand d’Esnon, C. Durrleman agus S. Lescanne, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Vitro, B. Driessen agus D. Laurent, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí ar neamhní Cinneadh (CBES) 2022/329 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 50, lch. 1), agus Rialachán (AE) 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 51, lch.1), agus, ar an dara dul síos, go gcuirfí ar neamhní Cinneadh (CBES) 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 59, lch. 1), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 58, lch. 1), agus, tar éis coigeartaithe, go gcuirfí ar neamhní Cinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle an 13 Márta 2023, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 75 I, lch. 134), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 ón gComhairle an 13 Márta 2023, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 75 I, lch.1), a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Alisher Usmanov na costais a íoc, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis an nós imeachta eatramhach.

____________

1 IO C 257, 4.7.2022.