Caingean arna tabhairt 26 Aibreán 2024 – SMT v EUIPO – Pies agus Rixen (Ábhair foirgníochta)
(Cás T-220/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: SMT GmbH (Reutlingen, an Ghearmáin) (ionadaí: T. Seifried, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc: Gerrit Pies (Solingen, an Ghearmáin), Wolfgang Rixen (Solingen)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an dearaidh atá i gceist: Páirtithe eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Dearadh atá i gceist: Dearadh Comhphobail d’ábhair foirgníochta – Dearadh Comhphobail Uimh. 222 070-0006
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealúcháin
An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 5 Márta 2024 i gCás R 2163/2022-3
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta,
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc lena n-áirítear iad siúd a tabhaíodh sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc.
Saincheisteanna dlí
Sárú ar Airteagal 62(1) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 63(2) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 25(1)(b) i gcomhar le hAirteagal 4(1) agus Airt. 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 25(1)(b) i gcomhar le hAirteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 25(1)(b) i gcomhar le hAirteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 25(1)(b) i gcomhar le hAirteagal 4(2) agus Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle.
____________