Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski rayonen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 14 Meán Fómhair 2023 – “Toplofikatsia Sofia” EAD v M. K. T., Ts. B. T., А. K. V.

(Cás C-569/23, Toplofikatsia Sofia)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski rayonen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: “Toplofikatsia Sofia” EAD

Cosantóirí: M. K. T., Ts. B. T., А. K. V.

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    An gcuirtear cosc le hAirteagal 101(1) CFAE ar reachtaíocht náisiúnta, amhail í atá infheidhme sa chás seo, faoina bhfuil oibleagáid ar dhlíodóir, agus é faoi réir bearta araíonachta mura ndéanann sé dá réir, táille a shocrú nach bhfuil faoi bhun méid íosta dá bhforáiltear sa Naredba [no 1/2004 za minimalnite razmeri na advokatskite vaznagrazhdenia (Rialachán Uimh. 1/2004 maidir le híosmhéideanna táillí dlíodóirí)], le haghaidh gach ceann de na caingne arna dtabhairt, beag beann ar an gcaoi ina ndéantar iad a uamadh, agus, mura bhfuil an cliant toilteanach táille den sórt sin a íoc i bhfianaise mhéid na táille íosta i gcoibhneas leis an méid a éilítear nó ar fhorais deacrachtaí airgeadais, gurb í an t-aon fhéidearthacht don dlíodóir chun conradh a thabhairt i gcrích leis an gcliant ná cúnamh dlí saor in aisce a sholáthar, agus sa chás sin, ní mór don chúirt táille a chinneadh agus a bhronnadh ar an dlíodóir i dtaca le gach caingean arna tabhairt, táille nach féidir a bheith níos ísle ná an t-íosmhéid arna leagan síos ag an Vissh advokatski savet (Comhairle Uachtarach an Bharra, an Bhulgáir), gan é a bheith in ann méid na táille sin a laghdú i gcás inar léir go bhfuil an táille sin iomarcach?

2.    An gcuirtear cosc le hAirteagal 101(1) CFAE ar reachtaíocht náisiúnta, amhail í atá i gceist sa chás seo, faoina bhféadfaidh dlíodóir, i gcás táillí íosta dlíodóirí arna leagan síos i rialachán trí chinneadh comhlachais gnóthas, an Comhairle Uachtarach an Bharra, atá éigeantach agus ceangailteach ar gach dlíodóir, cúnamh dlí saor in aisce a thabhairt do chliant a mheasann sé a bheith i gcruachás airgeadais agus go bhfuil oibleagáid ar an gcúirt, gan bheith ar a cumas an méid sin a fhíorú, táille a bhronnadh ar an dlíodóir arb ionann í agus an méid íosta arna leagan síos i gcinneadh an chomhlachais gnóthas?

____________