Language of document :

ASK requérante "Partie requérante …?"\* CHARFORMAT  ASK partie_autre "Autre partie dans l'affaire" \* CHARFORMAT  ASK formation "Formation de la Cour (insert number of Chamber)"  ASK date_arret "Date de l’arrêt TPI…?" \* CHARFORMAT  ASK numaff_T "Affaire T-…? (ex: 123/02)" \* CHARFORMAT  ASK requérante_T "Partie requérante devant le Tribunal …?" \* CHARFORMAT  ASK defenderesse_T "Partie défenderesse devant le Tribunal …?" \* CHARFORMAT  ASK ajointe "Il y a t'il une affaire jointe ? o/n" \* CHARFORMAT  ASK numaff "Numéro de l’affaire pour le pourvoi, C- …? (ex: 156/04)" \* CHARFORMAT

Achomharc arna thabhairt an 20 Nollaig 2023 ag Sberbank of Russia PAO i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra) a fógraíodh an 10 Deireadh Fómhair 2023 i gCás T-525/22 Sherbank v an Coimisiún agus BRA

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-791/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Sberbank of Russia PAO (ionadaithe: D. Rovetta, avocet, M. Campa, M. Moretto, M. Pirovano, V. Villante, avvocati)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, an Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an t-ordú atá faoi achomharc a chur ar ceal agus a dhearbhú go bhfuil an chaingean ag iarraidh go gcuirfí ar neamhní (i) Cinneadh SRB/EES/2022/21 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 1 Márta 2022 maidir le scéim réitigh a glacadh i leith Sberbank d.d., (ii) tuarascálacha luachála Uimh. 1 agus 2 maidir le Sberbank d.d. arna n-eisiúint ag BRA ar an 27 agus an 28 Feabhra 2022, faoi seach, agus (iii) Cinneadh (AE) 2022/948 ón gCoimisiún 1 an 1 Márta 2022, lena bhformhuinítear an scéim réitigh do Sberbank d.d., ag an gcéad chéim inghlactha;

go gcuirfí an cás ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun substaint chaingean an iarratasóra a scrúdú;

a ordú don Bhord Réitigh Aonair (BRA) agus don Choimisiún Eorpach costais an achomhairc seo agus an nós imeachta ag an gcéad chéim a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Maíonn an t-achomharcóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 263, an ceathrú mír, CFAE agus go bhfuil roinnt earráidí dlí agus saobhadh fíricí agus fianaise déanta aici trí chinneadh a dhéanamh nach ndéanann na cinntí atá faoi chonspóid difear díreach do staid dhlíthiúil an achomharcóra, agus thairis sin, gur mhainnigh sí cúiseanna a lua agus freagra a thabhairt ar roinnt argóintí ríthábhachtacha, agus fianaise ag tacú leo, a chuir an t-achomharcóir faoina bráid.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 263, an ceathrú mír, CFAE agus gur bhain sí míbhrí as coincheap dlíthiúil na ‘maoine’. Maítear gur thug sí neamhaird ar an sainmhíniú dlíthiúil ar ‘Grúpa baincéireachta agus grúpa réitigh’ agus ‘scairshealbhóir’ agus ‘scairshealbhóir uathúil’ chomh maith. Mar fho-mhaíomh, maítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta sárú ar Airteagal 263, an ceathrú mír, CFAE agus trí chinneadh a dhéanamh nach raibh ‘éifeachtaí eacnamaíocha’ leordhóthanach chun cúraim aonair a chruthú.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí – sárú ar Airteagal 20(15) de Rialachán Uimh. 806/2014 1 , arna léamh i gcomhar le hAirteagal 126 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta - rinne an Chúirt Ghinearálta léiriú mícheart ar an éileamh le haghaidh neamhniú agus ar an ordú atá á lorg ag an achomharcóir.

____________

1 IO 2022, L164, lch. 65.

1 Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).