Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Administrativen sad Sofia-oblast (an Bhulgáir) a taisceadh an 15 Aibreán 2024 – ‘LUKOIL Bulgaria’ EOOD v Komisia za zashtita na konkurentsiata

(Cás C-260/24, LUKOIL Bulgaria)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Sofia-oblast

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: ‘LUKOIL Bulgaria’ EOOD

Cosantóir: Komisia za zashtita na konkurentsiata

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    Ar cheart Airteagal 102 CFAE, chomh maith le prionsabail na gceart cosanta, na deimhneachta dlíthiúla agus chosaint na n-ionchas dhlisteanach, lena n-áirítear toimhde na neamhchiontachta, a léiriú sa chaoi go gciallaíonn, i gcás cúngach corrlaigh neamhcheadaithe, gur dhá mhargadh atá struchtúrtha go hingearach iad na margaí ábhartha (na margaí ar tharla an sárú), eadhon margadh réamhtheachtach agus margadh iartheachtach, agus gurb é i ndáil leis an dá mhargadh ábhartha sin a gceanglaítear ar an údarás iomaíochta, agus an líomhain agus an cinneadh riaracháin críochnaitheach á gcur le chéile aige, cinntí fíorais a thabhairt maidir le méid na margaí ábhartha, na rannpháirtithe sna margaí sin agus scaireanna na rannpháirtithe sna margaí sin, lena n-áirítear scaireanna ábhartha margaidh an ghnóthais a gcuireann sé ina leith go bhfuil ceannasacht aige?

2.    An bhfuil Airteagal 102 CFAE, arna léamh i gcomhar leis na prionsabail a bhaineann le cearta na cosanta, na deimhneacht dhlíthiúla agus chosaint na n-ionchas dlisteanach, lena n-áirítear toimhde na neamhchiontachta, le léiriú sa chaoi nach gceadaíonn, i gcomhthéacs imeachtaí faoi Airteagal 102 CFAE, táirgí nach bhfuil in-idirmhalartaithe ar thaobh an éilimh nó an tsoláthair a áireamh sa mhargadh náisiúnta táirgí céanna, mar a rinne KZK sna himeachtaí láithreacha trí dhíosal agus peitreal gan luaidhe 95 a áireamh i margadh táirgí aonair do bhreoslaí?

3.    Má cheadaítear breoslaí mótair nach bhfuil aon ionadaíochas ó thaobh an éilimh ná an tsoláthair eatarthu, a áireamh i margadh táirgí náisiúnta aonair, an gceadaítear gan an tríú príomhbhreosla mótair sa mhargadh náisiúnta a áireamh sa mhargadh táirgí do bhreoslaí mótair, eadhon gás própán/bútán (GPL), a bhfuil sciar den mhargadh aige sa mhargadh náisiúnta atá comhionann leis an sciar den mhargadh peitril?

____________