Language of document :

Caingean arna tabhairt an 19 Eanáir 2024 – CA v Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

(Cás T-34/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: CA (ionadaí: A. Tymen, Dlíodóir)

Cosantóir: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

Na horduithe atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an chaingean seo inghlactha agus go bhfuil bunús dlí maith léi;

Cinneadh Uimh. 20-2023 maidir le harduithe céime don bhliain 2023 ó Ardrúnaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 22 Márta 2023 a chur ar neamhní, a mhéid is nach n-áirítear ainm an iarratasóra i leith oifigeach ar tugadh ardú céime di go grád AD8 an 1 Eanáir 2023;

Cinneadh ó Ardrúnaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 10 Deireadh Fómhair 2023, lena ndiúltaítear do ghearán arna dhátú an 13 Meitheamh 2023 a chur ar neamhní;

a ordú don chosantóir na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagail 6.2 agus 6.4 de Chinneadh Uimh. 26-2020 agus sárú ar Airteagal 41(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na córa comhionainne, sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe, sárú ar Chinneadh Uimh. 011-21 agus sárú ar Airteagal 45 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (‘na Rialacháin’ ina dhiaidh seo).

An ceathrú saincheist dlí lena líomhnaítear earráid fhollasach measúnaithe agus sárú ar Airteagal 45 de na Rialacháin.

____________