Language of document :

Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2023 – Khudaverdyan v an Chomhairle

(Cás T-1116/23)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Tigran Khudaverdyan (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: T. Bontinck, F. Bélot, A. Guillerme agus M. Bréasart, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil na critéir maidir le liostú neamhdhleathach dá bhforáiltear in Airteagal 1(1)e agus in Airteagal 2(1)g de Chinneadh 2014/145/CBES agus in Airteagal 3(1)g de Rialachán (AE) Uimh. 2014/269 arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/1094 ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin agus Rialachán (AE) 2023/1089 ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine maidir le daoine mór le rá gnó a fheidhmíonn sa Rúis nó daoine gnó, daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine;

Na cinntí seo a leanas a chur ar neamhní:

Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a mhéid a choinníonn sí ainm an iarratasóra san Iarscríbhinn a ghabhann leis agus lena leasaítear na forais ag an am céanna agus

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí ar an méid sin, a mhéid a choimeádtar ainm an iarratasóra san Iarscríbhinn a ghabhann leis agus lena leasaítear na forais ag an am céanna;

a ordú don Chomhairle EUR 1 000 000 a íoc go sealadach as an damáiste neamhábhartha a bhain don iarratasóir;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, iarrann an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí atá, go bunúsach, comhionann nó cosúil leis na cinn a bhí á n-agairt i gcás T-1105/23, Abramovich v an Chomhairle.

____________