Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2023 – Abramovich v an Chomhairle
(Cás T-1105/23)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Roman Arkadyevich Abramovich (Nemchinovo, an Rúis) (ionadaithe: T. Bontinck, C. Zatschler, S. Bonifassi, J. Goffin, J. Bastien agus M. Brésart, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
go príomha,
a dhearbhú go bhfuil an critéar maidir le liostú neamhdhleathach a leagtar síos in Airteagal 1(1)(e) agus Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES agus in Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, a mhéid a thagraítear do ‘mórphearsana gnó atá ag oibriú sa Rúis agus do bhaill dá ngarghaolta, nó do dhaoine nádúrtha eile, a bhaineann tairbhe astu, nó do dhaoine gnó atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine’, agus, dá thoradh sin:
a ordú Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní, a mhéid a leathnaítear cur i bhfeidhm na mbeart sriantach a glacadh i gcoinne an iarratasóra le Cinneadh (CBES) 2022/429 ón gComhairle an 15 Márta 2022 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/427 ón gComhairle an 15 Márta 2022 a chur ar neamhní;
a ordú Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní, a mhéid a leathnaítear cur i bhfeidhm na mbeart sriantach a glacadh i gcoinne an iarratasóra le Cinneadh (CBES) 2022/429 ón gComhairle an 15 Márta 2022 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/427 an 15 Márta 2022 a chur ar neamhní;
mar mhalairt air sin, ar bhonn na saincheisteanna eile dlí a d’ardaigh an t-iarratasóir,
a ordú Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 a chur ar neamhní, a mhéid a leathnófar cur i bhfeidhm na mbeart sriantach a glacadh i gcoinne an iarratasóra le Cinneadh (CBES) 2022/429 ón gComhairle an 15 Márta 2022 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/427 ón gComhairle an 15 Márta 2022 a chur ar neamhní;
a ordú Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 an 13 Meán Fómhair 2023 a chur ar neamhní, a mhéid a leathnófar cur i bhfeidhm na mbeart sriantach a glacadh i gcoinne an iarratasóra le Cinneadh (CBES) 2022/429 ón gComhairle an 15 Márta 2022 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/427 an 15 Márta 2022;
a ordú don Chomhairle EUR 1 000 000 a íoc ar bhonn sealadach i leith an damáiste neamhábhartha a bhain don iarratasóir;
a ordú don Chomhairle na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.
1. An chéad saincheist dlí, lena n-ardaítear pléadáil neamhdhleathachta i ndáil le critéar nua (g) arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/1094 agus Rialachán (AE) 2023/1089.
2. An dara saincheist dlí lena n-éilítear nár cloíodh le cearta bunúsacha an iarratasóra.
3. An tríú saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe.
4. An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear nár cloíodh leis an oibleagáid cúiseanna a lua agus leis an gceart chun cosanta breithiúnaí.
5. An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear nár cloíodh le prionsabal na comhréireachta.
6. An séú saincheist dlí lena n-éilítear mainneachtain cloí leis an gceart chun éisteacht a fháil.
____________