Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunale Amministrativo Regionale della Campania (an Iodáil) an 25 Meán Fómhair 2023 – Scai Srl v Regione Campania

(Cás C-588/23, Scai)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale Amministrativo Regionale della Campania

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Scai Srl

Cosantóir: Regione Campania

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcuirtear cosc le hAirteagail 108 agus 288 CFAE agus Airteagail 16 agus 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1589/20151 ar reachtaíocht náisiúnta, amhail Airteagal 48 de Dhlí an 24 Nollaig 2012 Uimh. 234 lena gceadaítear don údarás náisiúnta, i gcéim fhorghníomhaithe na haisghabhála, chun na daoine a gceanglaítear orthu cúnamh neamhdhleathach a aisíoc a leathnú, trí mheasúnú ar leanúnachas eacnamaíoch idir gnóthais, gan an chumhacht sin a chosc nuair a bheidh na faighteoirí díreacha sainaitheanta cheana féin ag an gCoimisiún, agus ar an gcaoi sin inniúlacht an Choimisiúin i ndáil le státchabhair a eisiamh?

An gcuirtear cosc le hAirteagail 263 agus 288 CFAE, 41 agus 47 de Chairt Nice, 16 agus 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1589/2015 ar reachtaíocht náisiúnta amhail Airteagal 48 de Dhlí an 24 Nollaig 2012 Uimh. 234 maidir le Státchabhair, a mhéid - trí fhoráil a dhéanamh go ndéanfaidh an Stát, agus cinneadh aisghabhála á chur chun feidhme aige, na daoine a gceanglaítear orthu aisíoc a aithint, más gá - go gceadaíonn sé an cinneadh a chur chun feidhme freisin i ndáil le duine seachas na daoine ar díríodh an cinneadh orthu agus a bhfuil uathriail acu, nár ghlac páirt sna himeachtaí os comhair an Choimisiúin, nár deonaíodh ráthaíochtaí nós imeachta sáraíochta dóibh agus, dá bhrí sin, nach bhfuil aon seasamh acu chun agóid a dhéanamh os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh.

____________

1 Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (códú) (IO 2015, L 248, lch. 9).