Language of document :

Caingean arna tabhairt an 20 Feabhra 2024 – Osculati v EUIPO – Olymp Bezner (O)

(Cás T-98/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Osculati Srl (Milano, an Iodáil) (a bhfuil ionadaíocht á déanamh air agionadaithe: C. Bacchini, M. Mazzitelli, E. Rondinelli agus L. Seri, Dlíodóirí)

Cosantóir: Maoirseoir Eorpach ar Chosaint SonraíOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Olymp Bezner KG (Bietigheim-Bissingen, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an marc fíortha ‘O’ – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 1 631 210

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 19 Nollaig 2023 sa chás R 838/2023-4 a ceartaíodh trí cheartúchán an 11 Eanair 2024

An t-ordú atá á lorg

Maíonn an t-iarratasóir gur cheart don ChúirtIarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

seasamh leis an gcinneadh atá faoi chonspóidfreasúra lenararna diúltaíodh don chur ina choinnefhreasúra;

a ordú do EUIPO agus Olymp Bezner KG na costais a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú le linn na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc.

Saincheisteanna dlí

Sarú ar Airteagal 102 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcomhar le hAirteagal 59(2) de Rialacha Nós Imeachta na mBord Achomhairc freisin;

Sarú ar Airteagal 102 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcomhar le hAirteagal 59(1) de Rialacha Nós Imeachta na mBord Achomhairc freisin;

Sarú ar Airteagal 102 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcomhar le hAirteagal 59 Rialacha Nós Imeachta na mBord Achomhairc freisin;

Sarú ar Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sarú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcomhar le hAirteagal 54(1) de Rialacha Nós Imeachta na mBord Achomhairc freisin, agus sarú ar Article 95(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sarú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________