Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 10 Aibreán 2024 – momox v EUIPO – Nyky (momox fashion)

(Cás T-601/23) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Aistarraingt freasúra - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: momox SE (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaí: U. Lüken, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontas Eorpaigh (ionadaí: D. Hanf, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de l’EUIPO: Nyky Srl (Silea, an Iodáil)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 7 Lúnasa 2023 (Cás R 138/2023-1) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh.

Ordaítear do gach páirtí a gcostais féin a íoc.

____________

1     IO C, C/2023/675, 13.11.2023.