Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Banca Popolare di Bari v an Coimisiún
(Cás T-415/21) 1
(Dliteanas neamhchonarthach – Státchabhair – Cabhair arna deonú ag údaráis na hIodáile do Banca Tercas – Cinneadh lena ndearbhaítear nach bhfuil an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach – Tréimhse teorann – Damáiste leanúnach – Neamh-inghlacthacht pháirteach – Sárú atá tromchúiseach go leor ar riail dlí atá beartaithe cearta a thabhairt do dhaoine aonair – Nasc cúisíoch)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Banca Popolare di Bari SpA (Bari, an Iodáil) (ionadaithe: A. Zoppini, G. M. Roberti, I. Perego, G. Parisi agus D. Gallo, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn, I. Barcew, A. Bouchagiar agus D. Recchia, Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean faoi Airteagal 268 CFAE, iarrann an t-iarratasóir cúiteamh as an damáiste a mhaíonn sé a bheith fulaingthe aige mar thoradh ar ghlacadh Chinneadh (AE) 2016/1208 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2015 maidir le Státchabhair SA.39451 (2015/C) (ex 2015/NN) arna dheonú ag an Iodáil do Banca Tercas (IO 2016 L 203, lch. 1).
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do Banca Popolare di Bari SpA na costais a íoc.
____________
1 IO C 401, 4.10.2021.