Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 28 Márta 2024 ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a fógraíodh an 31 Eanáir 2024 i gCás T-56/22, an Ríocht Aontaithe v an Coimisiún

(Cás C-237/24 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (ionadaithe: S. Fuller, Gníomhaire, agus T. Buley, KC)

Páirtithe eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach agus Poblacht na Seice

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2019 1 ón gCoimisiún a neamhniú sa mhéid is go ndéanann sé caiteachas áirithe a eisiamh ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh arna dtabhú ag gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe na Ríochta Aontaithe faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) don chúis laige a luaitear sa sainmhíniú ar fheirmeoir gníomhach - cuideachtaí bainteacha;

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus costais an achomhairc de chuid na Ríochta Aontaithe a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Tá an t-achomharc bunaithe ar shaincheist dlí amháin, is é sin go raibh léiriú na Cúirte Ginearálta ar Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 1 mícheart. Maíonn an t-achomhrarcóir nach mbaineann Airteagal 9(2) ach amháin le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí a oibríonn an bonneagar nó na seirbhísí ábhartha iad féin.

Mar achoimre, is amhlaidh atá mar gheall ar na cúiseanna seo a leanas:

níl d’éifeacht ag Airteagal 9(2), arna léamh go litriúil agus i gcomhréir lena bhrí nádúrtha, íocaíochtaí le feirmeoir a chosc toisc go ndéanann eintiteas bainteach éigin gníomhaíocht atá ar liosta diúltach Airteagal 9(2);

déantar an léiriú sin ar Airteagal 9(2) a threisiú go láidir mar thoradh ar an gcaoi go ndéantar, leis an eochairfhrása in Airteagal 9(2) ar a bhfuil an Chúirt Ghinearálta ag brath, is é sin ‘do dhaoine nádúrtha ná do dhaoine dlítheanacha, ná do ghrúpaí daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha’, foclaíocht ón sainmhíniú ar ‘feirmeoir’ in Airteagal 4(1) a mhacasamhlú;

nach bhfuil bonn cuspóiriúil nó teileolaíoch le léiriú an Choimisiúin ar Airteagal 9(2), nach bhfuil de réir críocha Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.

____________

1 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2019 an 17 Samhain 2021 lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe arna dtabhú ag an Ríocht Aontaithe faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2021) 8164) (IO 2021 L 413, lch. 3).

1 Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 608).