Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Gerechtshof Amsterdam (an Ísiltír) a taisceadh an 13 Samhain 2023 – Smurfit Kappa Europe BV agus páirtithe eile v Unilever Europe BV agus páirtithe eile

(Cás C-673/23, Smurfit Kappa Europe agus páirtithe eile)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Gerechtshof Amsterdam

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Smurfit Kappa Europe BV, Smurfit International BV, Smurfit Kappa Italia SpA, DS Smith Italy BV, DS Smith plc, DS Smith Packaging Italia SpA, DS Smith Holding Italia SpA, Toscana Ondulati SpA

Cosantóirí: Unilever Europe BV, Unilever Supply Chain Company AG, Unilever Italy Holdings Srl

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    a) An bhfuil dlúthbhaint de réir bhrí Airteagal 8(1) de Rialachán An Bhruiséil Ia 1 idir:

(i) ar thaobh amháin, éileamh i gcoinne cosantóir ceannasach (nó príomhchosantóir) nach bhfuil ina sheolaí de chinneadh maidir le cairtéal ó údarás náisiúnta iomaíochta ach, mar eintiteas a líomhnaítear a bheith mar chuid den gnóthas de réir bhrí an dlí Eorpaigh iomaíochta (‘an gnóthas’), a chinntear a bheith faoi dhliteanas go réamhtheachtach as an sárú léirithe ar an toirmeasc ar chairtéil faoi dhlí an Aontais agus,

(ii)    ar an taobh eile, éileamh i gcoinne:

(A)    comhchosantóir is seolaí den chinneadh sin, agus/nó

(B)    comhchosantóir nach bhfuil ina sheolaí den chinneadh agus a líomhnaítear ina leith go bhfuil sé, mar eintiteas dlíthiúil, ina ghnóthas a cinneadh a bheith faoi dhliteanas faoin dlí poiblí as an gcinneadh maidir le sárú ar an toirmeasc ar chairtéil faoi dhlí an Aontais?

Ina leith sin, an bhfuil sé suntasach:

(a)    an é nach raibh an príomhchosantóir a cinneadh a bheith faoi dhliteanas go réamhtheachtach ach ag sealbhú agus bainistiú scaireanna le linn thréimhse an chairtéil;

(b)    – más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 4a – cé acu an raibh an príomhchosantóir a cinneadh a bheith faoi dhliteanas go réamhtheachtach páirteach i dtáirgí cairtéil a tháirgeadh, a dháileadh, a dhíol agus/nó a sholáthar agus nó seirbhísí cairtéil a sholáthar;

(c)    cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an príomhchosantóir ina chónaí sa Bhallstát inar chinn an t-údarás iomaíochta náisiúnta go raibh sárú ar an toirmeasc ar chairtéil faoi dhlí an Aontais ar an margadh náisiúnta (agus sin amháin);

(d)    cé acu an bhfuil an comhchosantóir ar seolaí an chinnidh é ainmnithe sa chinneadh mar

(i)    rannpháirtí de facto sa chairtéil – sa chaoi gur ghlac sé páirt iarbhír sa chomhaontú sáraitheach nó sna comhaontuithe sáraitheacha agus/nó sa chleachtas comhbheartaithe nó sna cleachtais chomhbheartaithe ar sáruithe iad nó

(ii) mar eintiteas dlíthiúil atá mar chuid den ghnóthas a cinneadh go poiblí a bheith faoi dhliteanas as sárú ar an toirmeasc ar chairtéil faoi dhlí an Aontais;

(e)    cé acu an ndearna an comhchosantóir nach bhfuil ina sheolaí den chinneadh táirgí agus/nó seirbhísí cairtéil a tháirgeadh, a dháileadh, a dhíol agus/nó a sholáthar iarbhír;

(f)    cé acu an bhfuil an príomhchosantóir agus an comhchosantóir sa ghnóthas céanna,

(g)    an ndearna na gearánaithe táirgí a cheannach agus/nó seirbhísí a fháil go díreach nó go hindíreach ón bpríomhchosantóir agus/nó ón gcomhchosantóir?

(b) An bhfuil sé ábhartha don fhreagra ar Cheist 1a cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé intuartha go gcuirfear an dlí ar an gcomhchosantóir ábhartha i gcúirt an phríomhchosantóra? Más amhlaidh go bhfuil, an bhfuil an intuarthacht sin ina chritéar ar leith agus Airteagal 8(1) de Rialachán an Bhruiséil Ia á chur i bhfeidhm? An dtugtar an intuarthacht sin i bprionsabal i bhfianaise an bhreithiúnais in Sumal an 6 Deireadh Fómhair 2021 (C-882/19, EU:C:2021:800)? Cé mhéad a fhágann na himthosca dá dtagraítear i gCeist 1a(a) go (g) thuas go bhfuil sé intuartha anseo go gcuirfí an dlí ar an gcomhchosantóir i gcúirt an phríomhchosantóra?

2.     Agus dlínse á cinneadh, ar cheart a chur san áireamh an dócha go n-éireoidh leis an éileamh i gcoinne an phríomhchosantóra? Más ea, an leor don mheasúnú sin nach féidir a chur as an áireamh roimh ré go nglacfar leis an éileamh?

3.     An gcaithfear an toimhde a nglactar léi i ndlí na hiomaíochta maidir le tionchar cinntitheach na máthairchuideachtaí (ar cuireadh fíneáil orthu) ar ghníomhaíocht eacnamaíoch na bhfochuideachtaí (‘toimhde Akzo’) a chur i bhfeidhm i gcásanna damáistí cairtéil (sibhialta) nó an féidir an toimhde sin a chur i bhfeidhm?

4.    (a) Agus Airteagal 8(1) de Rialachán An Bhruiséil 1a á chur i bhfeidhm, an féidir le cosantóirí a bhfuil sainchónaí orthu sa Bhallstát céanna a bheith ina bpríomhchosantóirí (le chéile)?

(b) An gcinntear le hAirteagal 8(1) de Rialachán An Bhruiséil 1a an chúirt a bhfuil dlínse choibhneasta aici láithreach agus go díreach, sa chaoi nach bhfuil feidhm ag an dlí náisiúnta?

(c) Más freagra diúltach a thabharfar ar Cheist 4a – sa chaoi nach féidir ach le cosantóir amháin a bheith ina phríomhchosantóir – agus go dtabharfar freagra dearfach ar Cheist 4b – sa chaoi go gcinntear an chúirt a bhfuil dlínse aici go díreach le hAirteagal 8(1) de Rialachán An Bhruiséil 1a:

Agus Airteagal (1) de Rialachán An Bhruiséil 1a á chur i bhfeidhm, an féidir tagairt inmheánach a dhéanamh do chúirt shainchónaí an chosantóra sa Bhallstát céanna?

____________

1     Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (athmhúnlú) (IO L 351, lch. 1).