Language of document :

Caingean arna tabhairt an 4 Nollaig 2023 – Pich-Aguilera Molins v EUIPO – de Puig Arbolí (Carmen says)

(Cás T-1134/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Enrique Pich-Aguilera Molins (Olesa de Montserrat, an Spáinn) (ionadaí: E. Zamora Martínez, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: María del Carmen de Puig Arbolí (Barcelona, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “Carmen says” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 436 929

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bhord Achomhairc de EUIPO an 25 Meán Fómhair 2023 i gCás R 2185/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, an freasúra a dhiúltú agus clárú an trádmhairc atá faoi cheist a dhearbhú le haghaidh gach aicme a iarradh;

a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc na costais sa chaingean seo agus sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, agus sna himeachtaí os comhair an Rannáin Freasúra a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Sárú ar Airteagal 109 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________