Caingean arna tabhairt 7 Nollaig 2023 – Schöffel Sportbekleidung v EUIPO – BV (Schöffel Ich bin raus.)
(Cás T-1141/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Schöffel Sportbekleidung GmbH (Schwabmünchen, an Ghearmáin) (ionadaí: P. Klein, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: BV
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Schöffel Ich bin raus. – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 1 125 107
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealúcháin
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de chuid EUIPO an 9 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 237/2023-1
An t ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus é a leasú chun go ndíbhfear an gearán agus go ndiúltaítear don iarratas ar chúlghairm an 6 Meitheamh 2021 mar dho-ghlactha;
a ordú don pháirtí lena mbaineann costais na n-imeachtaí a íoc; mar mhalairt air sin, a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Mí-úsáid an dlí agus an nós imeachta i dtaca le hAirteagal 107, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 58(1)(a), Airteagal 63(1)(a), Airteagal 182, Airteagal 198 EUTMR de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________