Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Državna revizijska komisija za revizijo postopkov oddaje javnih naročil (an tSlóivéin) a taisceadh an 23 Samhain 2023 – Farmacija, d.o.o. v Občina Benedikt

(Cás C-715/23, Farmacija)

Teanga an cháis: an tSlóivéinis

An chúirt a rinne an tarchur

Državna revizijska komisija za revizijo postopkov oddaje javnih naročil

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Farmacija, d.o.o.

Cosantóir: Občina Benedikt

Páirtí eile sna himeachtaí: MN

Na ceisteanna a tharchuirtear

An féidir an tseirbhís a bhaineann le gníomhaíocht chógaisíochta, a bhaineann go bunúsach le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine atá nó nach bhfuil faoi réir oidis liachta a chur ar fáil d’úsáideoirí, mar aon le comhairle d’úsáideoirí d’fhonn úsáid chuí agus shábháilte na dtáirgí íocshláinte sin a chur ar fáil, a aicmiú mar ‘seirbhís leasa ghinearálta nach den gheilleagar í’ de réir bhrí Airteagal 4(2) de Threoir 2014/231 ?

An féidir an tseirbhís a bhaineann le gníomhaíocht chógaisíochta, a bhaineann go bunúsach le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine atá nó nach bhfuil faoi réir oidis liachta a chur ar fáil d’úsáideoirí, mar aon le comhairle d’úsáideoirí d’fhonn úsáid chuí agus shábháilte na dtáirgí íocshláinte sin a chur ar fáil, a aicmiú mar an gcéanna le seirbhísí sóisialta agus seirbhísí sonracha eile de réir bhrí Airteagal 19 de Threoir 2014/23?

____________

1 Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO 2014 L 94, lch. 1).