Ordú na Cúirte Ginearálta an 10 Aibreán –Biogen Netherlands v an Coimisiún
(Cás T-137/23) 1
(Caingean le haghaidh neamhniú – Sláinte poiblí – Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine – Cinneadh chun údarú a thabhairt maidir le Dimethyl fumarate Teva - fúmaráit démheitile a chur ar an margadh – An cinneadh atá faoi chonspóid a aisghairm – Dul in éag ábhar na díospóide – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Biogen Netherlands BV (Amstardam, an Ísiltír) (ionadaí: C. Schoonderbeek, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: E. Mathieu agus A. Spina, Gníomhairí)
Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Teva GmbH (Ulm, an Ghearmáin) (ionadaithe: Z. West, G. Morgan, solicitors, M. Demetriou agus S. Love, barristers)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasór go gcuirfí Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 9544 final ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2022 lena ndeonaítear údarú margaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh Dimethyl Fumarate Teva - fúmaráit démheitile mar tháirge íocshláinte lena úsáid ag an duine, ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh.
Ordaítear do Biogen Netherlands BV agus don Choimisiún Eorpach a gcostais féin a íoc, lena n-áirítear na costais sin a bhaineann le hiarraidh ar idirghabháil ó Teva GmbH.
Ordaítear do Teva a chostais féin i ndáil lena iarraidh ar idirghabháil a íoc.
____________
1 IO C 179, 22.5.2023.