Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Aibreán 2024  – Naass agus Sea Watch v Frontex

(Cás T-205/22)1

(Rochtain ar dhoiciméid Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 Doiciméid a bhaineann le hoibríocht aerfhaireachais sa Mheánmhuir Láir a bhí faoi stiúir Frontex an 30 Iúil 2021 Diúltú rochtanaAirteagal 4(1)(a) de Rialachán Uimh. 1049/2001 Eisceacht a bhaineann le leas an phobail a chosaint maidir le slándáil phoiblí – Dualgas cúiseanna a lua)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí : Marie Naass (Beirlín, an Ghearmáin), Sea-Watch eV (Beirlín) (ionadaithe: I. Van Damme agus A. Matthaiou, Dlíodóirí)

Cosantóir : an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) (ionadaithe : R.-A. Popa agus H. Caniard, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Wägenbaur, Dlíodóir)

Ábhar

Trína gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí ar neamhní Cinneadh DGSC/TO/PAD-2021-00350 ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) an 7 Feabhra 2022, maidir le hiarratas daingniúcháin ar rochtain ar na doiciméid sin.

An chuid oibríochtúil

Cuirtear Cinneadh DGSC/TO/PAD-2021-00350 ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) an 7 Feabhra 2022 ar neamhní a mhéid a dhiúltaítear leis rochtain ar ‘gach pictiúr agus gach físeán a bhaineann leis an oibríocht aerfhaireachais sa Mheánmhuir Láir an 30 Iúil 2021’;

Diúltaítear an chuid eile den chaingean.

Ordaítear do Marie Naass agus Sea-Watch eV a gcostais féin a íoc agus na leath de na costais arna dtabhú ag Frontex a íoc.

Ordaítear do Frontex an leath eile dá chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 244,  27.6.2022.