Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Aibreán 2024 – FCI v EUIPO – Sitges Alonso (Cuaillí)
(Cás T-208/23)1
(Dearadh Comhphobail – Imeachtaí maidir le cealú – Dearadh Comhphobail cláraithe lena léirítear cuaillí – Foras cealaithe – Nochtadh an dearaidh níos luaithe – Airteagal 7 agus Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 – Dualgas cruthúnais – Airteagal 52(2) de Rialachán Uimh. 6/2002)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Forlam Clôture Industrie (FCI) (Lyon, an Fhrainc) (ionadaithe: P. Debré agus L. Nicolazzi, Dlíodóirí, atá i dteideal teacht in ionad Clofor)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Hanf agus C. Bovar, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Paul Sitges Alonso (Barcelona, an Spáinn)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de chuid Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 15 Feabhra 2023 (Cás R 1103/2022-3) a chur ar neamhní nó a athrú.
An chuid oibríochtúil
Ceadaítear do Forlam Clôture Industrie (FCI) ionadú a dhéanamh ar Clofor mar iarratasóir.
Díbhtear an chaingean.
Ordaítear do Forlam Clôture Industrie (FCI) na costais a íoc.
____________
1 IO C 216, 19.6.2023.