Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 5 Aibreán 2022 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra, Comhdhéanamh Leathnaithe) a tugadh an 26 Eanáir 2022 i gCás T-286/09 RENV, Intel Corporation v an Coimisiún

(Cás C-240/22 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: F. Castillo de la Torre, N. Khan, M. Kellerbauer agus C. Sjödin, Gníomhairí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Intel Corporation Inc., Association for Competitive Technology, Inc., Union fédérale des consommateurs - Que choisir (UFC - Que choisir)

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar leataobh, seachas mír 3 den chuid oibríochtúil;

na himeachtaí a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta;

na costais a fhorchoimeád.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Maíonn an t-iarratasóir sé forais achomhairc.

An chéad saincheist dlí : Is ultra petita é an t-athbhreithniú sa bhreithiúnas atá faoi achomharc ar raon anailaíse an Chinnidh1 ar na critéir maidir le cuimsiú agus fad. Chomh maith leis sin, déantar earráid dlí sa bhreithiúnas atá faoi achomharc nuair a dhiúltaítear aon mheasúnú foriomlán ar chumas chleachtais Intel chun an iomaíocht a eisiamh i bhfianaise imthosca iomchuí an cháis agus déantar léirmhíniú mícheart maidir leis an treoraíocht a thugtar i mbreithiúnas na Cúirte Breithiúnais an Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún, C-413/14P, EU:C:2017:632.

An dara saincheist dlí  : Sáraítear cearta cosanta an Choimisiúin leis an athbhreithniú sa bhreithiúnas atá faoi achomhairc ar thástáil an iomaitheora chomhéifeachtúil (tástáil AEC), a rinneadh sa Chinneadh.

An tríú saincheist dlí: San athbhreithniú sa bhreithiúnas atá faoi achomharc ar thástáil AEC an Chinnidh maidir le Dell, déantar earráid i leith an chaighdeáin cruthúnais, déantar brí soiléir na fianaise a shaobhadh, cuirtear i bhfeidhm réasúnaíocht fhrithráiteach agus sáraítear cearta cosanta an Choimisiúin.

An ceathrú saincheist dlí: San athbhreithniú ar thástáil Chinneadh AEC maidir le Hewlett-Packard Company, déantar earráidí sa bhreithiúnas atá faoi achomharc i leith an chaighdeáin cruthúnais, déantar sárú ar chearta cosanta an Choimisiúin agus tá roinnt earráidí dlí eile ann.

An cúigiú saincheist dlí: San athbhreithniú ar thástáil AEC an Chinnidh maidir le Lenovo, déantar earráidí sa bhreithiúnas ina léirmhíniú ar thástáil AEC agus ar Airteagal 102 CFAE, an fhianaise a shaobhadh agus sáraítear cearta cosanta an Choimisiúin.

An séú saincheist dlí: Sa mhéid go mbraitheann an breithiúnas atá faoi achomhairc ina athbhreithniú ar thastáil AEC an Chinnidh chun an Cinneadh a chur ar neamhní go páirteach, mainnítear breithniú cuí a dhéanamh ar impleachtaí a torthaí ar thástáil AEC.

____________

1 Cinneadh C(2009) 3726 leagan críochnaitheach an 13 Bealtaine 2009 a bhaineann le himeacht faoi Airteagal [102 CFAE] agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE (Cás COMP/C-37/37.990 – Intel).