Language of document :

Caingean arna tabhairt an 15 Feabhra 2024 Vinatis v EUIPO – Vinites (VINATIS)

(Cás T-86/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Vinatis (Annecy, an Fhrainc) (ionadaí: J. Canlorbe, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Vinites NV (Ms Haarlem, an Ísiltír)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “VINATIS” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 274 852

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bhord Achomhairc de EUIPO an 15 Nollaig 2023 i gCás R 2110/2022-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní go páirteach sa mhéid gur dhearbhaigh sé gur úsáideadh an marc níos luaithe i ndáiríre le haghaidh seirbhísí áirithe in Aicmí 35 agus 41;

an freasúra ina iomláine a dhiúltú;;

a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 47(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le linn measúnú a dhéanamh ar fhianaise ar fhíorúsáid seirbhísí in Aicme 35;

Sárú ar Airteagail 94 agus 47(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le linn fianaise ar fhíorúsáid seirbhísí in Aicme 41 a mheasúnú.

____________