Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Svea Hovrätt, Patent- och marknadsöverdomstolen (an tSualainn) a taisceadh an 21 Meán Fómhair 2023 – Mio AB, Mio e-handel AB, Mio Försäljning AB v Galleri Mikael & Thomas Asplund Aktiebolag

(Cás C-580/23, Mio agus páirtithe eile)

Teanga an cháis: an tSualainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Svea Hovrätt, Patent- och marknadsöverdomstolen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Mio AB, Mio e-handel AB, Mio Försäljning AB

Cosantóirí: Galleri Mikael & Thomas Asplund Aktiebolag

Na ceisteanna a tharchuirtear:

Sa mheasúnú faoi chosaint fhorleathan an chóipchirt a bheith tuillte ag ábhar ealaíne feidhmí mar shaothar de réir bhrí Airteagal 2 go dtí 4 de Rialachán 2001/29/CE 1 , conas is cóir an scrúdú a dhéanamh – agus cad iad na cúinsí a chaithfear nó ba cheart a chur san áireamh – maidir leis an gceist an léirítear pearsantacht an údair leis an ábhar trína roghanna saora cruthaitheacha a chur in iúl? Ina leith sin, baineann an cheist go háirithe ar cheart go mbeadh scrúdú na húrnuachta dírithe ar chúinsí a bhaineann leis an bpróiseas cruthaitheach agus míniú an údair ar na roghanna cearta a rinne sé i gcruthú an ábhair nó na cúinsí maidir leis an ábhar féin agus toradh deiridh an phróisis chruthaithigh agus an é go gcuirtear cuspóir ealaíonta in iúl leis an ábhar féin.

Don fhreagra ar Cheist 1 agus an cheist an léirítear pearsantacht an údair leis an ábhar trína roghanna saora cruthaitheacha a chur in iúl, cad é an tábhacht a bhaineann leis na fíorais seo a leanas:

go bhfuil an t-ábhar comhdhéanta de ghnéithe atá le haimsiú i ndearaí coitianta?

gur forbairt é an t-ábhar ar dhearadh níos luaithe nó gur leagan de dhearadh níos luaithe é nó leagan de threocht reatha dhearaidh é?

gur cruthaíodh ábhar comhionann nó ábhar comhchosúil cheana nó – go neamhspleách agus gan a bheith ar an eolas faoi ábhar ealaíne feidhmí dá n-éilítear cosaint mar shaothar – tar éis chruthaithe an ábhair atá i gceist?

Conas ba cheart measúnú na cosúlachta a dhéanamh – agus cad é an chosúlacht atá ag teastáil – sa mheasúnú faoi ábhar ealaíne feidhmí a líomhnaítear a bheith sáraitheach a bheith faoi raon cosanta saothair agus an sáraítear an ceart eisiach a bhaineann leis an saothar leis, nach mór a bhronnadh ar an údar de réir Airteagail 2 go 4 de Threoir 2001/29/CE? Ina leith sin, iarrtar go háirithe leis an gceist ar cheart go mbeadh an scrúdú dírithe ar so-aitheantacht an tsaothair san ábhar a líomhnaítear a bheith sáraitheach nó an gcruthaítear an t-imprisean ginearálta céanna a chruthaítear leis an saothar leis an ábhar a líomhnaítear a bheith sáraitheach, nó cad eile ar ar cheart go mbeadh an measúnú dírithe?

Maidir leis an bhfreagra ar Cheist 3 agus an cheist faoi ábhar ealaíne feidhmí a líomhnaítear a bheith sáraitheach a bheith faoi raon cosanta saothair agus an sáraítear an ceart eisiach a bhaineann leis an saothar leis, cad é an tábhacht a bhaineann leis na fíorais seo a leanas:

méid úrnuachta an tsaothair maidir le raon cosanta an tsaothair?

go bhfuil an saothar agus an t-ábhar ealaíne feidhmí a líomhnaítear a bheith sáraitheach comhdhéanta de ghnéithe atá le haimsiú i ndearaí coitianta agus gur forbairt é ar dhearadh níos luaithe nó gur leagan de dhearadh níos luaithe é nó leagan de threocht dhearaidh é.

gur cruthaíodh ábhar comhionann nó ábhar comhchosúil cheana nó – go neamhspleách agus gan a bheith ar an eolas faoin saothar – tar éis chruthaithe an tsaothair.

____________

1 Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 22 Bealtaine 2001 maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO 2001 L 167, lch. 10).